Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 December 2022

Tuesday, 13 December 2022

Questions (283)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

283. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist aici maoiniú breise a chur ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ionas go mbeidh an Foras in ann an íocaíocht chuí a thabhairt do na heagraíochtaí Gaeilge arna maoiniú aige, sa tslí is go bhfaighidh na daoine atá fostaithe ag na heagraíochtaí sin an t-ardú pá, ar fiú 7.5% é, atá á thabhairt d'fhostaithe sa tseirbhís phoiblí. [61898/22]

View answer

Written answers

Mar a thuigeann an Teachta, is áisíneacht de chuid an Fhoras Teanga Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge. Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Trasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. Mar gheall ar chúinsí polaitiúla i dTuaisceart Éireann, áfach, níltear in ann cruinnithe CATT a eagrú faoi láthair agus dá réir níltear in ann ardú buiséid a cheadú.

Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn seo agus 25% ón Roinn Pobail, Tuaisceart Éireann. Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scotch a chómhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn seo agus 75% ón Roinn Pobail.

I mbuiséad 2021, chuir mo Roinn ardú dár luach €1,379,000 ar fáil don Fhoras Teanga Thuaidh Theas. Cuireadh an t-ardú sin i bhfeidhm ina iomláine ar bhuiséad áisíneachtaí an Fhoras Teanga in 2022.

Tá ardú dár luach €700,000 curtha ar fáil i mbuiséad mo Roinne don Fhoras Teanga Thuaidh Theas do 2022 agus arís do 2023. Ní rabhthas in ann an t-ardú sin a chur i bhfeidhm i mbuiséid na n-áisíneachtaí go dtí seo, de thairbhe nach rabhthas in ann cruinniú CATT a ghairm.

Bheifí ag súil go gcuirfí ardú i bhfeidhm a luaithe agus a bheifear in ann cruinniú CATT a ghairm agus na buiséid a fhaomhadh.

Top
Share