Mar is eol don Teachta, tá Polasaí Oileánda, mar aon le pleananna gnímh gaolmhara, á fhorbairt ag an Rialtas, agus, leis na hoileáin mar dhualgas ag mo Roinn, tá mé tiomanta chun é a chur i gcrích agus a fhoilsiú. Leagadh amach aidhm an Rialtais i leith on pholasaí seo i gcaibidil 10 de Ár dTodhchaí Tuaithe - Beartas Forbartha Tuaithe an Rialtais 2021-2025, a foilsíodh i 2021.
Bhí próiseas fada comhairliúcháin ag mo Roinn le pobail na n-oileán, chomh maith leis na Ranna Stáit eile, Comhairlí Contae agus páirtithe leasmhara eile. Tá an phróiseas sin curtha i gcrích agus an t-aiseolas mar léargas luachmhar ar phríomh thosaíochtaí, dúshláin agus deiseanna do na pobail oileánda.
Bunaíodh coiste idir-rannach do na hoileáin faoi Chathaoirleacht mo Roinne, agus tionóladh a gcruinniú is deireanaí i mí Dheireadh Fómhair. Roinneadh an chéad dréacht den pholasaí ag an gcruinniú seo agus iarradh ar bhaill an choiste athbhreithniú a dhéanamh air agus a gcuid moltaí agus aiseolas a sheoladh ar ais. Tá sé sin déanta anois, agus an doiciméad á leasú dá réir.
Tá súil agam dréacht den polasaí a bheith os mo chomhair roimh dheireadh na bliana agus é a sheoladh i 2023.