Leagtar amach an próiseas do cheapadh an Choimisinéara Teanga in Alt 20 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De réir Alt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: “Is é an tUachtarán ar chomhairle an Rialtais a dhéanfaidh duine a cheapadh chun bheith ina C(h)oimisinéir tar éis rún a ritheadh i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ag moladh cheapacháin an duine.”
Tá tús curtha ag an Roinn leis an bpróiseas chun ceapachán nua a dhéanamh agus, chuige sin, tá cead faighte ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun dul ar aghaidh leis an bpost seo a líonadh. Is é an chéad chéim eile ná leabhrán comórtais a ullmhú a fhógrófar ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (chomh maith leis an bhfolúntas a chur chun cinn trí mheáin éagsúla eile).
Meastar go dtógfaidh sé suas le trí mhí ó dháta na fógraíochta chun iarrthóir a roghnú.