Tugadh curaclam reatha Gaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe) isteach i scoileanna i 1995. Bunaithe ar thaighde agus ag tógáil ar an tsamhail soláthair atá i bhfeidhm cheana féin ag leibhéil na bunscoile agus na sraithe sóisearaí, bhunaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) grúpa forbartha ionadaíoch don ábhar in 2018 chun tús a chur le hobair ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 a fhorbairt do Ghaeilge na hArdteistiméireachta (bunaithe). D’oscail an CNCM comhairliúchán ar dhréachtshonraíochtaí T1 agus T2 i mí Feabhra 2021. Tugadh aird sa phróiseas comhairliúcháin ar na dúshláin atá roimh mhúinteoirí, scoláirí, cheannairí scoile, agus a bpobail mar thoradh ar phaindéim Covid-19. Mar fhreagairt ar aiseolas agus éilimh ó pháirtithe leasmhara, cuireadh síneadh leis an spriocdháta don chomhairliúchán seo go deireadh mhí na Samhna 2021. Cuireadh cóip den tuarascáil chomhairliúcháin faoi bhráid mo Roinne le déanaí dá breithniú.
Ag freagairt d’iarratais a fuarthas ó pháirtithe leasmhara tríd an gcomhairliúchán a tharla le déanaí ar dhréacht-sonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta, rinne Comhairle an CNCM cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar achtú luath-sonraíochtaí na Gaeilge, T1 agus T2 sa tSraith Shóisearach. Tá Comhairle an CNCM fós i mbun a breithniúcháin ar thorthaí an athbhreithnithe achtaithe luaith seo faoi láthair.