Aengus Ó Snodaigh
Question:93. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon ról aici maidir le hobair an ghrúpa trasRialtais maidir le lipéadú earraí bia in Éirinn sa todhchaí i dtaobh cén teangacha oifigiúla a bheidh riachtanach ar lipéid de réir na rialacha nua ón gCoimisiún Eorpach; ar ardaigh sí ceist an dátheangachais leis an ngrúpa sin de réir mar atá á lorg ag feachtas pobail le déanaí toisc gurb ise atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge sa Stát; agus an dtabharfaidh sí ráiteas maidir leis an bhfeachtas chun a shocrú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil riachtanach i gcás pacáistiú agus lipéadú ar tháirgí. [8400/23]
View answer