Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 February 2023

Thursday, 23 February 2023

Questions (227, 228)

Éamon Ó Cuív

Question:

227. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nach n-íoctar na teaghlaigh atá ag coinneáil scoláirí faoin scéim scoláireachta chuig scoileanna dara leibhéal ar na hoileáin gach mí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9378/23]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

228. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais fáth nach n-íoctar na teaghlaigh atá ag coinneáil scoláirí faoin scéim scolaireachtaí chuig scoileanna dara liebhéal ar na hoileáin ar laethannta nach bhfuil na scoláirí ann de bharr droch aimsire, tinneas, cluichí agus turais scoile de bharr go mbíonn othu na seomrai a choinneáil dóibh na laethannta seo agus go mór mhór le droch aimsir agus tinneas is minic a tharlaíonn sé gan choinne; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9379/23]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 227 agus 228 le chéile.

Is féidir liom a dheimhniú go gcuirtear na scéimeanna atá leagtha amach sna ceisteanna ar fáil tríd an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM), mar sin ba cheart aon cheisteanna a chur chuig mo chomhghleacaí, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Question No. 228 answered with Question No. 227.
Top
Share