Skip to main content
Normal View

Pleananna Oideachais

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2024

Tuesday, 16 April 2024

Questions (102, 128)

Catherine Connolly

Question:

102. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais maidir le Ceist Pharlaiminte 6460/24, soiléiriú a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean chun beartas cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, idir leibhéal an oideachais réamhscoile agus leibhéal an oideachais do mhúinteoirí, a fhorbairt agus a fhoilsiú; cathain a fhoilseofar an beartas nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16315/24]

View answer

Aindrias Moynihan

Question:

128. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Oideachais cén dul chun cinn atá á dhéanamh le straitéis don Ghaelainn a chur i bhfeidhm tríd an gcóras oideachais ar fad; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16377/24]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 102 agus 128 le chéile.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Tá obair anois faoi lán seol sa Roinn ar fhorbairt pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Is céimeanna tábhachtacha iad an dá bheartas seo chun tiomantas Chlár an Rialtais a bhaint amach.

Ó foilsíodh é, tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta tar éis tacú le neartú an tsoláthair oideachais trí mheán na Gaeilge i gceantair Gaeltachta. Faoin bpolasaí sin, tá tacaíocht shuntasach tugtha ag mo Roinn do scoileanna Gaeltachta tríd an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá critéir theangabhunaithe leagtha amach do na scoileanna le cinntiú go bhfuil oideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil acu. Chun tacú leo san obair sin, cuirtear deontas ar fáil dóibh chun ábhair a cheannach. Faigheann siad uaireanta tacaíochta teanga don Ghaeilge bunaithe ar rollachán na scoile. Faigheann siad cuairteanna comhairleacha ón gCigireacht agus tacaíocht spriocdhírithe ó COGG. Tríd an tionscadal ríomh-mhol (e-Hub) do scoileanna Gaeltachta, tá scoláirí anois ag déanamh staidéir ar an Fhisic agus ar an Cheimic don Ardteistiméireacht trí fhoghlaim chianda. Tá infheistíocht déanta faoin bpolasaí, chomh maith, i gcláir oideachais múinteoirí chun cur le soláthar na múinteoirí atá ar fáil chun múineadh go héifeachtach trí mheán na Gaeilge. Tá tionchar dearfach an pholasaí le brath sna scoileanna agus sna pobail ar fud na Gaeltachta.

Tá obair ar bun i mo Roinn faoi láthair maidir le polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Cuirfidh an polasaí nua seo leis an méid atá bainte amach ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Céim thábhachtach eile a bheidh ann i dtreo ghealltanas Chlár an Rialtais a bhaint amach.

Cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun chun tuairimí páirtithe leasmhara a fháil – daoine óga, tuismitheoirí, gairmithe oideachais, páirtithe leasmhara oideachais agus eagraíochtaí Gaeilge ina measc. Bhí trí thréimhse sa chomhairliúchán seo – ceistneoir ar líne agus glao ar aighneachtaí scríofa, sraith grúpaí fócais, agus cruinnithe déthaobhacha idir mo Roinn agus páirtithe leasmhara.

Ina theannta sin, rinneadh réimse gníomhartha chun a chinntiú go mbeidh an polasaí nua bunaithe ar thaighde reatha:

• Tá athbhreithniú ar an litríocht coimisiúnaithe trí phróiseas soláthair phoiblí agus déanta ag Sealbhú, DCU.

• Scríobhadh agus foilsíodh tuarascáil a thugann léargas ar sholáthar don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag mo Roinnse.

• Tá taighde maidir le haonaid agus sruthanna lán-Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla ar bun.

Chomh maith leis na polasaithe don oideachas Gaeltachta agus don oideachas lán-Ghaeilge, tá obair eile déanta ag mo Roinn le blianta beaga anuas maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Áiríodh leis sin:

• Tionscadal píolótach FCÁT a chur chun feidhme

• curaclam teanga nua na Bunscoile a sheachadadh

• sonraíocht nua na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge a sheachadadh

• gníomhaireacht ar leith – COGG – chun tacú leis an oideachas lán-Ghaeilge agus le múineadh na Gaeilge

• GaelAonad ar leith a chruthú in Oide, le freagracht ar leith as réimse curaclaim na Gaeilge agus na scoileanna lán-Ghaeilge

• tacaíocht don scéim Gaelbhratach trí Fhoras na Gaeilge

• tacaíocht do Séideán Sí – clár do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge

• oideachas agus oiliúint múinteoirí, lena n-áirítear múinteoirí a chumasú chun cuir chuige dhifreáilte a úsáid.

Chomh maith leis sin, bunaíodh aonad nua laistigh den Chigireacht le déanaí chun plean gníomhaíochta a fhorbairt chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna meán-Béarla.

Cuirfidh na forbairtí seo le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a fhorbairt sa chóras oideachais.

Top
Share