Skip to main content
Normal View

Coiste le hiompar vótálaithe sa Reifreann maidir le Fiosrúcháin Oireachtais a Phlé

20 Feb 2012, 16:35

Déanfaidh saineolaithe móra le rá i réimsí na heolaíochta polaitiúla agus an taighde margaidh breac-chuntas ar na torthaí taobh thiar d’iompar vótálaithe sa Reifreann a bhí ann le déanaí maidir le Fiosrúcháin Oireachtais a thabhairt don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha. Tionólfar an cruinniú tráthnóna Dé Céadaoin, 22 Feabhra.

Ag tabhairt faisnéise don Choiste beidh an tOllamh Michael Marsh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; an Dr Jane Suiter agus an Dr Theresa Reidy de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh; agus Richard Colwell de chuid na cuideachta taighde agus margaíochta Red C. Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a rinne an taighde a choimisiúnú. Rinneadh anailís ann ar iompar vótálaithe i vótáil mhí Dheireadh Fómhair i dtreo go mbeidh eolas agus fios cuí ag vótálaithe i dtaobh na saincheisteanna ábhartha le linn Reifreann amach anseo.


Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín TD: “Tá an Coiste ag súil le bualadh leis na heolaithe polaitiúla agus na taighdeoirí margaidh maidir leis na saincheisteanna sonraithe agus na hábhair imní a d’imir tionchar ar an díospóireacht phoiblí le linn an fheachtais Reifrinn.


“Bunaithe ar an toradh, b’fhéidir nach bhfuil an mhaoirseacht reachtúil ag ár gCoiste a rabhthas á samhlú. Mar sin féin, thabharfadh na hOrduithe Tagartha nua atá beartaithe cumhachtaí nua suntasacha don Choiste, a scrúdóidh seirbhísí poiblí trí thaithí ár saoránach, á gcur i gcroílár chóras an Oireachtais.  Sa chomhthéacs seo, tá Comhaltaí an Choiste fonnmhar chun cinntí na saineolaithe a chloisteáil i dtaobh thuairimí an phobail maidir le tionscnaimh athchóirithe polaitiúla i gcoitinne.”


Tar éis an chruinnithe, beidh an taighde ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe: http://per.gov.ie/

Tionólfar an cruinniú seo Dé Céadaoin 22 Feabhra, i Seomra Coiste 3, Teach Laighean 2000 ar 4 p.m.
Is féidir imeachtaí an Choiste a leanúint beo ag: http://bit.ly/xMg2nJ


Top
Share