Skip to main content
Normal View

Buailfidh an Coiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht le Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

27 Feb 2012, 12:13

Labhróidh ionadaithe de chuid Fhoras na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge os comhair an Choiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht i dtaobh na samhla nua maoiniúcháin i gcomhair eagraíochtaí Gaeilge agus an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus oifig an Choimisinéara Teanga ag a chruinniú amárach, Dé Máirt, an 28 Feabhra.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Ciarán Ó Loinsigh, TD: “Táimid ag tnúth lenár gcruinniú amárach le Foras na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tá eagraíochtaí saorálacha áirithe atá páirteach san earnáil an-bhuartha faoin tsamhail nua maoiniúcháin atáthar a bheartú le haghaidh eagraíochtaí Gaeilge. Tá na hábhair atá ag déanamh buartha do Chonradh na Gaeilge curtha in iúl cheana acu don Choiste ag an gcruinniú a bhí againn an 8 Feabhra 2012 agus tá a thuilleadh iniúchta á dhéanamh ag an gCoiste ar an scéal seo trí bhualadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Tá an Coiste meáite ar a chinntiú go mbeidh cibé próiseas maoiniúcháin a ghlacfar sa deireadh ag freastal ar riachtanais na hearnála ar an modh is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costas de. Mar sin féin tá an Coiste imníoch go meastar go bhfuil leibhéal áirithe daoine ag cur i gcoinne an phróisis sin laistigh den earnáil féin agus tá súil acu go bhféadfaidh siad, trí bhualadh le páirtithe leasmhara éagsúla, cuidiú le teacht ar réiteach a mbeidh cách sásta leis agus is inchurtha i bhfeidhm i bhfad na haimsire.

Is comhlacht reachtúil neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil beartaithe ag an Rialtas í a chorprú isteach in Oifig an Ombudsman. Tá scríofa ag an gCoiste go dtí an Aire Ó Húilín cheana féin á iarraidh air a thuairim a thabhairt i dtaobh an togra seo i bhfianaise na dtuairimí a nocht Conradh na Gaeilge don Choiste ag an gcruinniú den Choiste an 8 Feabhra 2012. Thug Conradh na Gaeilge le fios gur ábhar trom-imní leo togra an Rialtais, nach bhfuil gá leis, go mbeidh sé neamhéifeachtach, go mbeidh toradh díobhálach aige ar roinnt réimsí éagsúla agus gurb amhlaidh a bheidh costas ar an Stát chun é a chur i bhfeidhm. Ba mhaith leis an gCoiste breis plé a dhéanamh ar an ábhar seo le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun a fháil amach cé na tuairimí atá aici maidir leis seo agus an bhfuil na tuairimí céanna aige féin.”

Tionólfar an cruinniú seo Dé Máirt, 28 Feabhra, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean 2000 ag 2.15 p.m.

Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo ag:
http://www.oireachtas.ie/ViewDoc.asp?fn=/documents/livewebcast/Web-Live.htm&CatID=83&m=o

D’fhonn breis eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste:

Teachtaí:

Ciarán Ó Loinsigh, Páirtí an Lucht Oibre (Cathaoirleach)
Nollaig Ó Cuanáin, Fine Gael (Leas-Chathaoirleach)
Séamus Ó Banáin, Fine Gael
Pádraig Ó Cobhthaigh, Fine Gael
Terence Flanagan, Fine Gael
Mairsile Ní Chorcoráin Cinnéide, Fine Gael
Antaine Mac Lochlainn, Fine Gael
Pádraig Ó Donnabháin, Fine Gael
Brian Breathnach, Fine Gael
Caoimhín Mac Unfraidh, Páirtí an Lucht Oibre
Gearailt de Nais, Páirtí an Lucht Oibre
Seán Ó Cionnaith, Páirtí an Lucht Oibre
Roibeard Ó Troithigh, Fianna Fáil
Tadhg Ó Dubhlaoigh, Fianna Fáil
Niall Ó Coileáin, Fianna Fáil
Sandra Nic Giollafhaoileáin, Sinn Féin
Deasún Mac Eilis, Sinn Féin
Brian Stanley, Sinn Féin
Clare Daly, An Páirtí Sóisialach
Catríona Uí Mhurchú, Neamhspleách
Lúcás ‘Ming’ Ó Flannagáin, Neamhspleách

Seanadóirí:
Cáit Uí Chatháin, Fine Gael
Catríona Ní Nuain, Fine Gael
Donacha Ó Leandaí, Páirtí an Lucht Oibre
Labhrás Ó Murchú, Fianna Fáil
Éamonn Ó Súilleabháin, Fianna Fáil
Éamonn Ó Cochláin, Neamhspleách

Top
Share