Skip to main content
Normal View

Athbhreithniú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le hatógáil ag an bhFochoiste

2 Oct 2013, 14:56

Beidh an Fochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara ag díriú ar labhairt na Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre nuair a leanfar ar aghaidh lena éisteachtaí amárach, Déardaoin, 3 Deireadh Fómhair 2013.

Arsa Cathaoirleach an Choiste, Micheál Mac Cárthaigh TD:  “Beidh ionadaithe ón nGaelbhratach, ó Rith 2014 agus ó Chonradh na Gaeilge i láthair ag ár gcruinniú amárach chun plé a dhéanamh ar an nGaeilge a spreagadh ar fud na tíre. Tá an cruinniú á eagrú chun cur le Bliain na Gaeilge agus mar chuid de Comhrá 24/7 - An Comhrá Leanúnach Gaeilge is Faide Riamh ar Domhan.  Tá grúpaí comhrá eagraithe ag grúpaí éagsúla fud fad an domhain le haghaidh tréimhsí aon uaire a’ chloig, agus leanfaidh siad ar aghaidh gan stad ón 29 Meán Fómhair 2013 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2013. Déanfar na comhráití seo a chraoladh go leanúnach ar fud an domhain ar feadh na tréimhse sin agus beidh deis ag an bpobal páirt a ghlacadh ann trí Twitter agus #comhra247 a úsáid. 

Foilsíodh ‘An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030’ an 21 Nollaig 2010, tar éis tacaíocht thraspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais. Agus trí bliana den Straitéis curtha dínn, tá an Comhchoiste reatha um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht, trína Fhochoiste ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Nithe Gaolmhara, ag tabhairt faoi athbhreithniú faoi láthair ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo i ndáil leis an Straitéis a chur i bhfeidhm agus chun a fháil amach an bhfuil torthaí á mbaint amach leis an Straitéis.”

Cuirfear tús leis an gcruinniú i Seomra 4 ar 11am Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair 2013.

Is féidir imeachtaí an choiste a leanúint ag:
http://www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/

Seol tar ceisteanna ó na meáin chuig: 

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide, 
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Guthán póca: 086-0496518
Fax: +3531 618 4551

Comhaltaí an Choiste

An Teachta Micheál Mac Cárthaigh,
An Teachta Caoimhín Mac Unfraidh,
An Teachta Peadar Tóibín,
An Seanadóir Fiach Mac Conghail,
An Seanadóir Labhrás Ó Murchú,
An Seanadóir Cáit Uí Chatháin.

Top
Share