30 May 2023, 15:15
Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 31 Bealtaine 2023, críochnóidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a chruinnithe poiblí mar chuid dá ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Cheannteidil an Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2022’.
Tosóidh an cruinniú ar 13.30 i Seomra Coiste 2, TL 2000, Teach Laighean.
Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Le roinnt seachtainí anuas, tá an Comhchoiste tar éis tuairimí na bpáirtithe leasmhara a chloisteáil maidir leis na Ceannteidil thábachtacha seo. Chomh maith leis sin, tá roinnt aighneachtaí scríofa faighte againn de thoradh iarratas a rinneamar ar an bpobal iad sin a leagan ós ár gcomhair.
“Amárach, beidh deis againn an fhianaise seo uile a phlé leis an Aire a bhfuil freagracht air i leith na Gaeilge – an Teachta Dála Patrick O’Donovan, agus tá súil againn, gur féidir linn, mar Chomhchoiste, a chur abhaile air an gá atá ann na Ceannteidil seo a leathnú agus a láidriú, ionas go gcuirfidh an Bille nua bunsraith éifeachtach i bhfeidhm i gcomhair Údarás na Gaeltachta, agus ionas gur féidir leis an Údarás agus Bord tofa an Údaráis a ndualgais a chomhlíonadh chun leasa phobal na Gaeltachta.”
Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí den Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.
Is féidir an cruinniú, i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Teilifís an Oireachtais.
Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.
Media enquiries
Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews