Skip to main content
Normal View

Tuarascáil á foilsiú inniu ag Comhchoiste na Gaeilge ar chóras bronnta díolúintí i gcás na Gaeilge mar ábhar bunscoile agus iar-bhunscoile

7 Feb 2024, 15:00

Inniu, tá tuarascáil á foilsiú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilgedar teideal ‘Córas Bronnta na nDíolúintí i leith na Gaeilge ag leibhéal na Bunscoile agus na hIar-bhunscoile’.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tar éis don Chomhchoiste iniúchadh, breithniú agus taighde críochnúil agus caolchúiseach a dhéanamh ar an méadú ollmhór atá tagtha ar líon na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge ar bronnadh ar dhaltaí scoile le blianta beaga anuas, nílimid sásta ach moladh amháin a leagan faoi bhráid an Aire Oideachais.”

“Is éard atá sa mholadh sin ná go bhfaighidh an tAire Oideachais réidh le córas na ndíolúintí don Ghaeilge amháin, agus ina áit, go gcuirfidh sí corás díoluine i bhfeidhm i leith fhoghlaim an dara teanga – is cuma cén dara teanga a bheadh i gceist. Corás díolúine a bheidh anseo le haghaidh cohórt fíorbheag daltaí a bhfuil a bhfuil fíordheacrachtaí acu agus iad ag iarraidh an dara teanga a fhoghlaim.”

“Córas a bheidh an anseo nach dtabharfaidh an deis do thuismitheoirí foghlaim na Gaeilge a shéanadh dá gcuid páistí, go háirithe nuair nach bhfuil deacrachtaí ag na páistí céanna an dara teanga a shealbhú. Ina ionad sin, bheidh an córas seo mar an rogha deireanach sa chás go ndéanfar gach iarracht cabhrú le daltaí scoile na dúshláin a shárú atá acu an dara teanga a fhoghlaim – cibé teanga a bheadh i gceist.”

“Is léir don Chomhchoiste nach bhfuil córas reatha na ndíolúintí feiliúnach don fheidhm atá leis agus anuas air sin, go bhfuil dochar á dhéanamh aige do dhaltaí scoile agus don chóras oideachais in Éirinn trí chéile.”

Is féidir an tuarascáil ‘Córas Bronnta na nDíolúintí i leith na Gaeilge ag Leibhéal na Bunscoile agus na hIar-Bhunscoile’ a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share