Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Gaeilge á lorg ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ó Sheirbhís Thithe an Oireachtais

30 Apr 2024, 12:00

Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a Thuarascáil Bhliantúil do 2023 a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Chomhaontaigh an Comhchoiste go seolfadh sé cóip den tuarascáil chuig an gCeann Comhairle agus go n-iarrfadh sé air na moltaí atá inti (Alt 11. ‘Tuairisc ar Fheidheamnna, ar Chumhachtaí agus ar na Seirbhísí atá ar fáil’ ar leathanaigh 19 agus 20) a phlé le comhaltaí Choimisiún Thithe an Oireachtais, go gcuirfí na moltaí sin i gcrích ina dhiaidh sin, agus go ndéanfaí amhlaidh chomh luath agus is féidir.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Tá an Comhchoiste go láidir den tuairim go bhfuil sé de cheart aige teacht ar na seirbhísí atá ar fáil do Choistí an Oireachtais ó Sheirbhís Thithe an Oireachtais trí mheán na Gaeilge agus ní i mBéarla amháin. I measc na seirbhísí is tábhachtaí díobh siúd, tá seirbhísí leabharlainne agus taighde, seirbhísí comhairle dlí, seirbhísí craoltóireachta agus seirbhísí caidrimh phoiblí.

“Cé go bhfuil Seirbhís Thithe an Oireachtais in ann doiciméid a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, níl sé sin sásúil, go mórmhór nuair a bhíonn doiciméid mhóra i gceist agus práinn leo, agus go gcaithfimid fanacht ar an aistriúchán. Is trí Ghaeilge amháin a fheidhmíonn an Comhchoiste agus caithfimid a bheith in ann comhairle a lorg gan mhoill ó na saineolaithe agus an chomhairle chéanna a phlé leo i dteanga oibre an Chomhchoiste: is í sin an Ghaeilge. Níl an tseirbhís ar fáil dúinn.”

Is féidir Tuarascáil Bhliantúil (2023) Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share