Skip to main content
Normal View

Stádas na Gaeilge ó thuaidh faoi chaibidil ag an gCoiste um Chomhaontú Aoine an Chéasta

3 May 2017, 09:48

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta amárach, an 4 Bealtaine 2017 ar 2.15 pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.

Tiocfaidh na finnéithe seo a leanas os comhair an Choiste:

•    Ciarán Mac Giolla Bhéin Uas., Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus;
•    Julian de Spáinn Uas., Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.

Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitlín Funchion TD: “Cuid thábhachtach de Chomhaontú Aoine an Chéasta is ea meas a thabhairt don éagsúlacht teanga agus don Ghaeilge.  Amárach, déanfaidh ionadaithe de chuid Chonradh na Gaeilge faisnéis a thabhairt don Choiste maidir le hAcht na Gaeilge.  Rinneadh foráil maidir le hAcht Gaeilge i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006.  Ábhar cineachta is ea ceist an bheartais teanga agus, dá bhrí sin, beidh ar an bhFeidhmeannas teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige i leith Acht Gaeilge.  Beidh deis ag an gCoiste ag cruinniú an lae amárach plé a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna agus na ceisteanna íogaire a bhaineann le forálacha uile Chomhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontuithe comharba a fhorfheidhmiú, Acht Gaeilge san áireamh.”

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Media enquiries

Nuala Walsh,
Houses of the Oireachtas,
Communications Unit,
Leinster House,
Dublin 2
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share