3 Beal 2017, 09:48
Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta amárach, an 4 Bealtaine 2017 ar 2.15 pm i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.
Tiocfaidh na finnéithe seo a leanas os comhair an Choiste:
• Ciarán Mac Giolla Bhéin Uas., Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus;
• Julian de Spáinn Uas., Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
Ag labhairt di roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitlín Funchion TD: “Cuid thábhachtach de Chomhaontú Aoine an Chéasta is ea meas a thabhairt don éagsúlacht teanga agus don Ghaeilge. Amárach, déanfaidh ionadaithe de chuid Chonradh na Gaeilge faisnéis a thabhairt don Choiste maidir le hAcht na Gaeilge. Rinneadh foráil maidir le hAcht Gaeilge i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006. Ábhar cineachta is ea ceist an bheartais teanga agus, dá bhrí sin, beidh ar an bhFeidhmeannas teacht ar chomhaontú maidir le cur chuige i leith Acht Gaeilge. Beidh deis ag an gCoiste ag cruinniú an lae amárach plé a dhéanamh ar chuid de na fadhbanna agus na ceisteanna íogaire a bhaineann le forálacha uile Chomhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontuithe comharba a fhorfheidhmiú, Acht Gaeilge san áireamh.”
Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Nuala Walsh,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2.
+353 1 618 3437
+353 86 4100 898
nuala.walsh@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews