Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 10 Oct 2017

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

Tá ceathrar comhaltaí i láthair, agus Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh, so is féidir tús a chur leis an gcruinniú. I dtús báire cuirim céad míle fáilte roimh na Teachtaí Dála agus Seanadóir Ó Clochartaigh. Tá sé ag éirí níos deacra daoine a mhealladh isteach ar an gcoiste. Ní mór dúinn é sin a phlé ach is drochlá é lá an bhuiséid ar aon nós. Tá chuile Theachta Dála agus Sheanadóir faoi bhrú. Tósóimid leis an bplé ar straitéis óige don Ghaeltacht. Cuirim céad míle fáilte roimh an toscaireacht ó Mhuintearas. Cuirfidh mé fáilte roimh na daoine is tábhachtaí ar dtús, Iseult Ní Fhoighil agus Dómhnall Ó Braonáin ó Chlub Óige Lurgan. Tá fáilte rompu agus tá súil agam go mbeidh siad ag déanamh an caint is mó anseo, seachas na seanóirí, agus muid ag caint faoi straitéis óige don Ghaeltachta.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Seanóirí?

B'fhéidir gur cheart dom daoine atá ag dul in aois a rá.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Chuir mé an cheist ar fhaitíos go raibh an Cathaoirleach ag cur mise san áireamh ansin.

Cuirim céad míle fáilte roimh Seán Ó Coistealbha Uasal, príomhoifigeach Mhuintearais, agus roimh Máirín Nic Fhionghuin Uasal, leas-phríomhoifigeach Mhuintearais. De ghnáth ní bhíonn deis againn rud mar seo a phlé so tá mé ag tnúth le cur i láthair na bhfinnéithe inniu. Chun an rud sin a chur i gcomhthéacs, ní bhaineann sé le Gaeltacht Chonamara ach leis na Gaeltachtaí uilig, an mbaineann?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Baineann.

Tá rud le rá ag an gcléireach maidir leis an dlí.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Gabhfaidh mé tríd an gcur i láthair agus ansin beidh deis cainte ag an mbeirt óg. An bhfuil cóip den straitéis ag gach duine? Tá cúpla cóip le spáráil anseo. Cuireadh an straitéis le chéile mar chuid den phróiseas cónasctha idir Muintearas agus Óige na Gaeltachta. Cuireadh Óige na Gaeltachta faoi bhráid Mhuintearais sa mbliain 2015.

Mar chuid den phróiseas sin d’iarr Údarás na Gaeltachta orainn straitéis a chur le chéile a bheadh ábalta freastal ar riachtanais daoine óga sna ceantair Gaeltachta. Is é seo an toradh a bhí air sin. Tá an straitéis dírithe ar dhéagóirí, an t-aoisghrúpa idir 12 agus 18 bhliain d’aois. Feictear dúinn gurb é seo an áit ina bhfuil an soláthar is laige faoi láthair.

Cuireadh coiste comhairleach le chéile le hionadaithe as gach mór-réigiún Gaeltachta chun treoir agus stiúradh a thabhairt dúinn, go mórmhór leis an taighde a rinneamar. Feictear inár n-aighneacht na daoine a bhí ar an gcoiste. Bhí Peadar Ó Maoláin mar chathaoirleach, rinne Pól Mac Cumhaill ionadaíocht ar Thír Chonaill, rinne Eithne Ní Loideáin ionadíaocht ar Chonnacht agus Laighean agus bhí Clodagh Ní Fhlatharta ann thar ceann Chúige Mumhan.

Chuir muid suirbhé le chéile ina raibh 67 gceist ar fad a bhí bunaithe ar na téamaí a leanas: an saol sóisialta, an Ghaeilge, sláinte, cúrsaí oideachais, taisteal agus roinnt rudaí eile a bhí na daoine óga féin ag iarraidh a rá linn agus a bhí tábhachtach dóibh. Rinne muid ceardlanna sna meánscoileanna Gaeltachta. Chuir na scoileanna grúpaí ar fáil dúinn i ngach ceantar comhdhéanta de dhaoine óga san idirbhliain. Reachtáil muid ceardlanna i cúig scoil i dTír Chonaill, seacht scoil i gConamara, dhá scoil i Maigh Eo, dhá scoil i gCorcaigh agus scoil amháin i gCiarraí. Fuair muid deis suí síos agus labhairt le daoine óga, ceisteanna a chur orthu agus a gcuid tuairimí a bhailiú. Chomh maith leis sin----

Gabh mo leithscéal, maidir le Gaillimh, ar roghnaíodh scoileanna i lár na cathrach?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

No, scoileanna i gConamara - ón Spidéal siar go Carna agus ar Árainn - a bhí i gceist.

Ar reachtáladh grúpa i gColáiste na Coiribe?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Ní dóigh liom go reachtáladh. Choinnigh muid taobh istigh den Ghaeltacht é, cé go dtuigim go bhfuil go leor daoine as Conamara ag freastal ar Choláiste na Coiribe. Chuir muid an suirbhé ar fáil ar an suíomh Idirlín surveymonkey.com freisin le go mbeadh fáil ag daoine óga air. Rinne muid poiblíocht ar na meáin shóisialta agus mar sin de freisin. Chuir muid scéal thart ag clubanna óige. Fuair muid 399 suirbhé ar fad, figiúir atá réasúnta mar chéatadán agus atá ionadaíoch de dhaoine óga as na ceantair Gaeltachta.

Chomh maith leis sin, d’eagraigh muid cruinnithe réigiúnacha le daoine, grúpaí, coistí pobail agus eagraíochtaí atá ag obair leis an óige nó a chuireann seirbhísí ar fáil di, chun a gcuid tuairimí a fháil freisin. D'eagraigh muid cruinnithe i mbeagnach gach ceantar Gaeltachta - Tír Chonaill, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí agus Corcaigh. Ba é Contae na Mí an t-aon áit nár éirigh linn cruinniú a eagrú. Rinne muid anailís ar thorthaí an taighde agus, as sin, chuir muid an doiciméad seo le chéile.

Gabhfaidh mé trí chuid de na príomhphointí a tháinig amach as an straitéis. Dhírigh an chéad chuid den straitéis ar an saol sóisialta. Tríd agus tríd, breathnaíonn sé go bhfuil áiseanna maithe ar fáil i go leor de na ceantair Gaeltachta, ach b'fhéidir nach bhfuil fáil ar dhaoine óga orthu. Tá áiseanna ar nós hallaí spóirt, páirceanna peile agus rudaí mar sin ann, ach ní bhíonn sé chomh héasca sin ag daoine óga iad a úsáid go minic. Is í an áis is mó atá ag teastáil, dar le na daoine óga féin, ná ionaid buail-isteach. Ba é sin an rud is mó a tháinig amach as an taighde ar fad. Ba mhaith leo ionaid inár féidir le daoine óga imeachtaí a eagrú dóibh féin, nó díreach dul isteach agus a bheith ag caint agus ag comhrá le chéile. Ionaid don aoisghrúpa seo go háirithe - déagóirí - a bheadh ann. Is é sin an rud is mó atá ag teastáil uathu ag an bpointe seo. Tá ceann ar an gCeathrú Rua. Bhí sé oscailte roinnt blianta siar. Cuireadh ceal air agus dúnadh é ach tá sé oscailte arís le sé mhí anuas agus tá na daoine óga ag baint úsáide as. Is áis a bhfuil iad féin i gceannas uirthi, le cabhair agus tacaíocht ó oibrithe óige proifisiúnta. Leagann na daoine óga féin na himeachtaí, an clár agus pé rúd a bhíonn ann amach.

Tá gá le héagsúlacht spóirt dar le go leor daoine óga freisin. Tá béim ar an GAA, sacar agus rugbaí. I roinnt ceantar tá cumainn ann, go mórmhór cumainn GAA. Tá siad ann i mbeagnach chuile cheantar ach níl mórán rogha taobh amuigh de sin. Mura bhfuil suim ag duine óg i gcúrsaí peile, cúrsaí iománaíochta nó cúrsaí rugbaí, níl mórán gur féidir leis nó léi a dhéanamh i go leor ceantar. Tá formhór na ndaoine óga ina mbaill de chlub - club CLG don chuid is mó ach bíonn siad páirteach i gcumainn spóirt eile, clubanna óige, clubanna dramaíochta agus mar sin de freisin. Is dóigh go bhfuil sé tábhachtach ó thaobh an tsaoil shóisalta agus scileanna sóisialta a fháil go mbíonn deis ag daoine óga bheith bainteach le club nó ina mbaill de chlub.

Bíonn go leor daoine óga ag úsáid na meán sóisialta beagnach chuile lá, rud nár chuir iontas ar aon duine. Glacann 91% de na daoine óga páirt. Bíonn siad ag úsáid na meán sóisialta idir Facebook, Twitter, Instagram agus mar sin de. Is é an tábhacht a bhaineann leis sin ná gur bealach maith é chun eolas nó comhairle a chur ar fáil do dhaoine óga nó chun dul i gcion orthu. Má bhítear ag úsáid na meán sóisialta b'fhéidir nach mian le na rudaí sin a dhéanamh sách minic. Tá fáil ar an Idirlíon nó ar leathanbhanda ag formhór na daoine sa bhaile. Dúirt 97% acu go bhfuil siad ar an eolas faoin gcontúirt a d'fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na meán sóisialta - cibearbhulaíocht agus mar sin de. Dúirt 13% gur tharla a leithéid dóibh. Dúirt 92% de na daoine óga go mbeadh a fhios acu céard gur cheart dóibh a dhéanamh dá dtarlódh cibearbhulaíocht nó rud éigin mar sin dóibh agus iad ag úsáid na meán sóisialta. Breathnaíonn sé go bhfuil siad ar an eolas faoi na contúirtí a d'fhéadfadh a bheith ann agus céard gur cheart dóibh a dhéanamh dá dtarlódh a leithéid dóibh.

Maidir leis na príomhmholtaí a tháinig chun cinn as an gcuid den straitéis a bhaineann leis an saol sóisialta, breathnaíonn sé gurb iad na hionaid buail-isteach an rud is mó atá na daoine óga féin ag iarraidh go mbeidh fáil acu air sna ceantair Ghaeltachta faoi láthair. Ba mhaith leo daoine óga as na ceantair Ghaeltachta éagsúla a bheith ag bualadh le chéile níos minice. Dúirt cuid mhaith nach mbíonn deis acu bualadh le daoine óga as ceantair Ghaeltachta eile chomh minic agus gur mhaith leo. Ba mhaith leo daoine óga a bheith páirteach sa phróiseas forbartha pobail. Dúirt go leor de na daoine óga linn nach mbíonn daoine ag éisteacht leo nó nach mbíonn deis acu a gcuid smaointí agus tuairimí a chur chun cinn maidir lena bpobail fein agus maidir le na seirbhísí agus na háiseanna ar mhaith leo a fhéicéail sna pobail sin.

Tá cúrsaí oiliúna d'oibrithe óga agus do dhaoine a oibríonn sna clubanna go deonach ag teastáil freisin. Reachtálann tuismitheoirí go leor de na clubanna go deonach ina gcuid ama féin. D'fhéadfaí go leor gearrchúrsaí oiliúna a chur ar fáil dóibh. Ní dóigh gur cheart linn a bheith ag brath an iomarca ar oibrithe deonacha ach an oiread. Tá gá le daoine a chur faoi oiliúint sa gcaoi go mbeadh siad ábalta freastal ar riachtanais na ndaoine óga. Ba mholadh eile suíomh Idirlín a chruthú do dhaoine óga san aoisghrúpa seo. D'fhéadfaí go leor eolais agus comhairle maidir le cá bhfuil seirbhísí le fáil agus mar sin de a chur ar fáil do dhaoine óga trí shuíomh Idirlín a bhunú a mbeadh bainistiú leanúnach á dhéanamh air agus a bheadh suas chun dáta go leanúnach.

Maidir le cúrsaí teanga, tá Gaeilge líofa ag 84% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé. Labhraíonn 70% acu an Ghaeilge go laethúil. Labhraíonn 59% í sa mbaile. Tá sé spéisiúil gur sa gcóras oideachais nó le múinteoirí is mó a labhraítear an Ghaeilge. Dúirt 92% de na daoine óga go labhraíonn siad Gaeilge lena múinteoirí nó sa scoil. Tá Gaeilge líofa ag beirt thuismitheoir ag 45% acu agus Gaeilge líofa ag tuismitheoir amháin ag 34%. Níl aon Ghaeilge ag tuismitheoirí 21% de na daoine óga. Is dóigh go míníonn sé sin an figiúr a thug mé níos túisce faoin gcuid acu nach labhraíonn Gaeilge sa mbaile. Labhraíonn 18% an Ghaeilge lena gcuid cairde go rialta. Tá 54% ina mbaill de chlub atá lonnaithe sa Ghaeltacht ach nach reachtáltar trí Ghaeilge. Breathnaíonn sé nach bhfuil roinnt de na clubanna agus cumainn sa Ghaeltacht á reachtáil go hiomlán trí Ghaeilge.

Chuir muid ceist ar na daoine óga céard iad na háiseanna a chabhródh leo an Ghaeilge a labhairt níos mó. Dúirt 40% acu gurb í an scoil an áis is mó a chabhródh leo an Ghaeilge a labhairt. Dúirt 16% go gcabhródh ionad buail-isteach leo an Ghaeilge a labhairt níos minice. Dúirt 12% go mbeadh sé cabhrach dá mbeadh an cumann CLG, nó pé cumann a mbíonn siad bainteach leo, á reachtáil trí Ghaeilge. Dúirt 11% go mbeadh sé cabhrach clubanna eile a bheith ar fáil, a fhreastalódh ar réimse níos leithne d'imeachtaí agus gníomhaíochtaí ina bhfuil spéis acu. Dúirt 4% go gcuideodh sé dóibh an Ghaeilge a labhairt sa mbaile agus dúirt 2% go mbeadh sé cabhrach í a labhairt lena gcairde.

Ag an am céanna, tuigeann go leor daoine óga go mbeidh an Ghaeilge ina buntáiste dóibh ina saolta amach anseo. Dúirt 32% go bhfuil an Ghaeilge ríthábhachtach dóibh agus dúirt 28% go bhfuil sí tábhachtach dóibh. Féachann go leor acu gur buntáiste é an Ghaeilge a bheith acu sa saol amach anseo. Dúirt 55% go mbeidh an Ghaeilge tábhachtach dóibh sa todhchaí.

Ba iad na moltaí is mó a tháinig amach as an bpáirt seo den suirbhé ná go dteastaíonn deiseanna sóisialta trí Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais agus amuigh den bhaile uathu. Is rud é sin a tháinig chun cinn ag na cruinnithe réigiúnacha le na heagraíochtaí agus na daoine a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine óga agus a bhíonn ag obair leis an óige. Dúirt siad go bhfuil géarghá le háit, nó ionad, nó bealach inar féidir le daoine óga sóisialú lena chéile trí mheán na Gaeilge. Go minic, ní bhíonn na rudaí a bhíonn ar siúl acu nuair a bhíonn siad ag sóisialú - turais chuig an bpictiúrlann istigh sa mbaile mór nó rud éigin mar sin - á reachtáil trí Ghaeilge.

Ba mholadh eile na buntáistí agus na deiseanna a bhaineann le Gaeilge a chur ar a shúile do dhaoine óga sa gcaoi go dtuigfidís go mbeidh an Ghaeilge ina buntáiste dóibh sa saol amach anseo. Dúradh gur chóir aithint go dteastaíonn cur chuige difriúil sna ceantair nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sin iontu níos mó. Teastaíonn cabhair ón Roinn uathu a bheadh i bhfad níos praiticiúla, a bhíonn ag plé le clubanna, le cumainn agus le coistí chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Teastaíonn rudaí chomh bunúsach le lipéid a chur ar rudaí nó comhairle faoin gcaoi ina chuirtear polasaí teanga chun cinn i gclubanna óige a thabhairt nó mar sin de. Teastaíonn breathnú ar na limistéir seo i bhealach beagáinín difriúil ó cheantar a bheadh láidir ó thaobh na Gaeilge de. Ba mholadh eile clár imeachtaí tarraingteach agus spraoiúil a chur ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge sna clubanna, coistí, ionaid nó pé dream a bheadh ag plé leo agus go mbeadh na himeachtaí spéisiúil agus go mbeadh na daoine óga ag iarraidh bheith páirteach ann. Iarradh ar chabhair phraiticiúil do chlubanna agus d'eagraíochta óige maidir le cur i bhfeidhm polasaithe teanga agus mar sin de.

Chuir muid roinnt ceisteanna sa straitéis faoi chúrsaí sláinte. Dúirt 27% de na daoine óga go mbíonn siad ag déanamh aclaíochta nó ag imirt spóirt gach lá. Bíonn 28% ag déanamh aclaíochta nó ag imirt spóirt cúig nó sé uaire sa tseachtain. Breathnaíonn sé gur dream aclaí go maith iad agus go bhfuil suim acu i spórt nó in aclaíocht. Ní raibh ach 6% a dúirt nach n-imríonn siad spórt nó nach ndéanann siad aclaíocht ar bith, am ar bith. Tá áiseanna maithe ar fáil sna ceantair ach, mar a bhí mé ag rá níos túisce, b'fhéidir nach mbíonn deis ag daoine óga iad a úsáid ag am a oireann dóibh nó nach mbíonn sé éasca dóibh teacht ar na háiseanna seo. Tá páirc imeartha i mbeagnach chuile cheantar - 93%. Tá halla spóirt i go leor de na ceantair freisin. Dúirt na daoine óga go bhfuil gym i 50% de na ceantair agus tá rudaí ar nós páirceanna astroturf nó all-weather pitch, linn snámha agus pinniúr liathróid láimhe ann. Tá áiseanna réasúnta i go leor de na ceantair le haghaidh spóirt nó aclaíochta.

Dúirt 64% de na daoine óga go bhfuil go leor eolais acu faoi shlí maireachtála sláintiúil, is é sin faoi bhia folláin a ithe, aclaíocht a dhéanamh agus mar sin de. Bheadh a fhios ag 77% de na daoine óga cén áit a gheobhaidh siad eolas faoi shlí maireachtála sláintiúil nó cuinsí sláinte a chuireann isteach orthu. Ní dúirt ach 21% acu go mbíonn siad ag cuardú an t-eolais sin i nGaeilge. Níl a fhios agam an cheapann siad nár cheart go mbeadh an t-eolas sin ar fáil i nGaeilge sa nGaeltacht nó an bhfuil an oiread taithí acu ar go leor de na seirbhísí sláinte a bheith ar fáil i mBéarla. B'fhéidir nach bhfeiceann siad aon tábhacht ag baint le seirbhísí mar sin a bheith ar fáil i nGaeilge.

Chuir muid an cheist dá mbraitheadh daoine óga go raibh siad in isle brí, cá rachaidh siad chun cabhair a fháil? Dúirt 58% acu go rachaidís go saineolaí sláinte, b'fhéidir dochtúir áitiúil, siceolaí nó duine mar sin, ar dtús le cabhair a fháil. Dúirt 44% go rachaidís go ball eile den teaghlach nach athair ná máthair iad, b'fhéidir deirfiúr, deartháir, col ceathrar nó duine éigin mar sin. Labhródh 11% le cairde agus labhródh 1% le múinteoir. Is dóigh gur cúis imní é go bhfuil 16% ann a dúirt nach bhfuil a fhios acu céard a dhéanfaidís dá dtarlódh sé go raibh siad in ísle brí. Tá roinnt cairteanna sa chur i láthair.

Maidir le na cúinsí sláinte is tábhachtaí do na daoine óga, dúirt go leor acu gurb í sláinte intinne an cúinse sláinte is tábhachtaí ar fad dóibh. Is dóigh go dtagann sé sin le go leor clúdach a bhíonn sna meáin sa lá atá inniu ann faoi thábhacht shláinte intinne agus cinntiú go labhraítear le duine éigin má bhreathnaítear go bhfuil fadhb ann le sláinte intinne.

Tá aclaíocht agus spórt ríthábhachtach do 54% de na daoine óga. Mar atá feicthe againn cheana féin, bíonn go leor acu ag imirt spóirt nó ag déanamh aclaíochta. Is rud atá tábhachtach ina saolta. Bhí sláinte ghnéis tábhachtach do 45% de dhaoine óga agus bhí eolas ar mhí-úsáid drugaí agus alcól tábhachtach do 50% agus 38% faoi seach. Bhí cúrsaí sláinte go ginearálta tábhachtach do 41% agus bhí eolas ar bhia folláin tábhachtach do 38%. Sin iad na rudaí is tábhachtaí dar leo féin maidir le cúrsaí sláinte.

Ba iad na moltaí a tháinig amach as an gcaibidil seo ná gur ceart eolas agus ceardlanna a chur ar fáil do dhaoine óga ar ábhair faoi leith maidir le cúrsaí sláinte, mar shampla, sláinte intinne, mí-úsáid alcóil agus drugaí, sláinte ghnéis, bia folláin agus mar sin de. Is eolas agus ceardlanna iad a bheadh bunaithe ar na cúinsí a dúirt siad féin go bhfuil siad tábhachtach dóibh. Ba cheart go mbeadh seirbhísí comhairleoracht ar fáil do dhaoine óga as Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Bhí roinnt múinteoirí as na meánscoileanna ag na cruinnithe réigiúnacha agus dúirt siad go bhfuil clár áirithe sna scoileanna a bhaineann le sláinte intinne ach go minic, má theastaíonn cúnamh ó dhuine, caithfear dul go dtí an baile mór is gaire agus ní gá go mbeadh na seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Moladh go mbainfear úsáid níos fearr as na meáin shóisialta chun eolas a chur ar fáil do dhaoine óga faoi chúrsaí sláinte. Mar atá feicthe againn cheana féin, bíonn siad ar fad ag úsáid na meán sóisialta go minic. B'fhéidir go mbeadh sé ina bhealach maith eolas a chur ar fáil dóibh nó insint dóibh cén áit a gheobhaidh siad comhairle má theastaíonn sé uathu.

Maidir le cúrsaí oideachais, tá formhór na ndaoine óga ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus múintear beagnach na hábhair ar fad trí mheán na Gaeilge sna scoileanna sin. Dúirt 27% nach féidir leo na hábhair ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Níl a fhios agam cén fáth. B'fhéidir nach bhfuil dótháin múinteoirí le Gaeilge atá ábalta na hábhair a mhúineadh. Níl a fhios agam céard atá taobh thiar de sin.

Ní féidir le daoine óga i roinnt ceantair na hábhair ar fad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sa mheánscoil. Dúirt an chuid is mó de na daoine óga - 52% - go bhfuil siad ag cuimhneamh ar dul ar ollscoil nuair a bheidh siad críochnaithe sa mheánscoil. Dúirt 35% dóibh gur mhaith leo dul chuig coláiste tríú leibhéal. Breathnaíonn sé go bhfuil an t-uafás daoine óga as na ceantracha Gaeltachta - formhór acu - ag iarraidh dul ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal. Níor dúirt ach 4% dóibh gur mhaith leo dul ag taisteal. Dúirt 9% dóibh gur mhaith leo post a fháil go háitiúil agus dúirt 5% dóibh gur mhaith leo post a fháil thar lear. Breathnaíonn sé go bhfuil go leor acu ag iarraidh fanacht in Éirinn agus oideachas tríú leibhéal a bhaint amach. Bheadh cuid mhaith de na daoine a dúirt gur mhaith leo dul ag taisteal ag súil le teacht ar ais go dtí an tír seo am éigin in dhiaidh sin.

Ba mhaith le 66% dóibh siúd a dúirt gur mhaith leo freastal ar oideachas tríú leibhéal filleadh ar a gceantracha dúchais nuair atá a gcuid cáilíochtaí tríú leibhéal bainte amach acu. Ar ndóigh, níl a fhios acu an mbeidh postanna ar fáil sna ceantracha Gaeltachta ag an am sin. Tháinig sé amach as na cruinnithe réigiúnda go mbíonn ar go leor daoine óga as na ceantracha Gaeltachta na háiteanna sin a fhágáil le haghaidh oideachas a fháil, agus ansin tá an fhadhb ann i gcónaí nach mbeidh fostaíocht ar fáil go háitiúil chun iad a mhealladh ar ais. Dúirt 72% acu go bhfuil an iomarca béime ar chúrsaí acadúla sa mheánscoil. Níl a fhios agam an bhfuil siad ag rá nár cheart go mbeadh aon bhéim ar chúrsaí acadúla sa mheánscoil. Is dócha go gcaithfidh béim éigin a bheith i gceist sa chóras meánscolaíochta go dtí pointe áirithe. B'fhéidir go bhfuil siad ag rá nach mbíonn an oiread sin deiseanna acu rudaí nach bhfuil chomh acadúil a dhéanamh sa mheánscoil freisin.

Baineann cúpla cairt eile leo siúd gur mhaith leo filleadh ar a gceantracha dúchais nuair atá siad tar éis cáilíochtaí tríú leibhéal a bhaint amach. Chuir mé ceist orthu an bhfuil ábhair eile gur mhaith leo staidéar a dhéanamh orthu nach bhfuil ar fáil ar churaclam na meánscoile faoi láthair, nó nach bhfuil ar fáil ina scoileanna féin. Fuair muid roinnt freagraí spéisiúla anseo. Is dócha gurb iad na rudaí is mó gur mhaith leo staidéar a dhéanamh orthu ná teangacha difriúla, ábhair saoránachta - cúrsaí polaitiúla, b'fhéidir - agus eolaíocht. Luaigh siad stair agus tíreolaíocht freisin, ábhair gur cheapfá go mbeidís ar fáil i bhformhór na scoileanna Gaeltachta cheana féin. Bhí ábhair chruthaitheacha ar nós ealaíon réasúnta ard go leor sa rangú freisin. Tá roinnt rudaí gur mhaith leo staidéar a dhéanamh orthu nach bhfuil ar fáil dóibh faoi láthair, b'fhéidir, sna meánscoileanna ar a bhfuil siad ag freastal.

Ba mhaith liom cur síos a dhéanamh ar na moltaí a tháinig amach as an gcuid seo den straitéis. Mhol formhór na bhfreagróirí gur cheart cúrsaí scileanna saoil a chur ar fáil. Dúirt na daoine óga go mbeadh fíorshuim acu gearrchúrsaí a dhéanamh sa mheánscoil ar scileanna saoil - cén chaoi le buiséad a dhéanamh, billí nó cáin a íoc agus mar sin de. Dúirt siad freisin gur mhaith leo go mbeadh níos mó gairmthreorach nó comhairle faoi ghairmthreoir ar fáil dóibh. Dúradh gur chóir go mbeadh níos mó eolais faoi printíseachtaí agus an tábhacht a bhaineann leo ar fáil do dhaoine óga. Sílim nár dhúirt ach thart ar 3% dóibh go raibh siad ag cuimhneamh ar phrintíseachtaí mar shlí bheatha nó mar phost amach anseo. Is dócha go bhfuil baint aige sin leis an lagtráth eacnamaíochta a bhí sa tír ar feadh tréimhse. B'fhéidir go gceapann daoine óga nach bhfuil obair bhuan le fáil as an earnáil phrintíseachta, agus go bhfuil siad níos fearr as ag freastal ar choláiste tríú leibhéal in áit a bheith ag foghlaim ceirde.

Gabh mo leithscéal. Tá éacht déanta agat go dtí seo leis an méid seo. Ba mhaith liom deis a thabhairt do na daoine óga agus na baill teacht isteach.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Cinnte.

Tá mé ag smaoineamh ar an am. Tá an buiséad ar siúl inniu. Is dócha go bhfuil Teachtaí Dála agus Seanadóirí faoi bhrú. De bharr easpa ama, b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá ndéanfá ár n-aird a tharraingt ar na nithe eile a d'éirigh as an straitéis, seachas an cháipéis ar fad a léamh amach. Is féidir leis na baill ceisteanna a chur ansin.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Tá sé sin go breá.

Tuigim go bhfuil moltaí maidir le taisteal fós le clúdach agat. Céard iad na cinnteidil eile?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Tá píosaí ann faoi chúinsí eile i saol an duine óig, airgead agus plean gnímh.

Níl mé ag iarraidh cur isteach ort. Caithfidh mé an t-am a roinnt. Tá an plean gnímh thar a bheith tábhachtach freisin. B'fhéidir go dtiocfaimid ar ais chuige. Tá ceist an mhaoinithe curtha i gcomhthéacs sa cháipéis seo freisin. Tá tagairt ann don ionad buail-isteach freisin. Tá na rudaí sin ar fad fágtha le cur síos a dhéanamh fúthu. Tá cóip den doiciméad ag na baill go léir. Ar na cúiseanna sin, b'fhéidir go gcuirfidh mé deireadh leis an gcur i láthair ag an bpointe seo, agus tabharfaidh mé deis do na daoine óga - Dómhnall Ó Braonáin agus Iseult Ní Fhoighil - teacht isteach. Tosóidh mé leis an mbean óg.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh áit ag daoine óga, go mórmhór faoin tuath, buaileadh le chéile. Má tá mé ag iarraidh am a chaitheamh le mo chairde gan mo thuismitheoirí a bheith do mo chrá sa bhaile, tá orm bus a fháil isteach go dtí an baile, b'fhéidir ar chostas €6 ar thicéad fillte. Ba cheart go mbeinn in ann píosa craic agus spraoi a bheith agam le mo chairde gan praghaslipéad mór.

An bhfuil ionad buail-isteach gar do do theach?

Ms Iseult Ní Fhoighil

Níl aon ionad ar chor ar bith. Níl tada seachas páirc peile agus siopa. Is é sin an méid.

Cé chomh gar do do theach atá an ionad buail-isteach is gaire?

Ms Iseult Ní Fhoighil

Tá sé ar an gCeathrú Rua, atá idir 20 agus 25 nóiméad uainn sa charr. Tógann sé chomh fada céanna dúinn dul isteach go dtí an baile. Ní bheadh nasc chomh láidir sin againn le muintir an Cheathrú Rua ach an oiread. Ní bheimid in ann dul ann agus muid a phlancáil síos ann.

Go raibh maith agat. Iarraim anois ar Dhómhnall Ó Braonáin focal nó dhó a rá.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Labhróidh mé faoi chursaí spóirt, srl. Tá gym thiar i Leitir Mór agus tá gym sna Forbacha, ach níl tada i gceantar Cois Fharraige. Toisc go bhfuil mé ag staid áirithe sa spórt - imríonn mé rugbaí, peil, iománaíocht agus a leithéid - bíonn mé ag iarraidh dul go dtí an gym go minic. Níl aon am ag mo thuismitheoirí. Tá mé gnóthach le staidéar, srl. Mar sin, tá mé ag iarraidh áit a bheadh sách gar dom go mbeinn in ann léim ar mo rothar le dul chomh fada leis, ach níl áis mar sin ann. Maidir le cursaí taistil, b'fhéidir gur cheart go mbeadh córas bus idir áiteanna ar nós an Cheathrú Rua agus Leitir Mór agus áiteanna ar nós an Spidéil nó Bearna. Molaim go mbeadh bus beag ag dul chuile uair an chloig nó mar sin taobh amuigh d'am scoile.

Go raibh maith agat. An bhfuil aon rud le rá ag an Uasal Ó Coisdealbha?

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Ba mhaith liom a rá, ar fhaitíos go gceapadh aon duine go bhfuil sé seo á theorannú go Conamara againn-----

Cé a cheapfadh é sin?

Mr. Seán Ó Coisdealbha

-----go raibh sé i gceist againn Conallach nó duine ón deisceart a bheith linn, ach ceall spáis ní fhéadfaí é sin a dhéanamh. Roghnaíomar an beirt seo mar dhaoine a bheadh in ann labhairt. Fáiltím go mór roimh an deis atá tugtha dóibh. Tháinig sé amach as an togra seo go mbíonn na seanóirí ag caint ar son daoine óga go minic. B'fhéidir go bhfuil Dómhnall ag iarraidh cur le sin.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Tá mé díreach tar éis cuimhneamh air sin freisin. Maidir le cúrsaí oideachais, níl na téacsleabhair le haghaidh na n-ábhar éagsúil atá á staidéar againn i nGaeilge ach amháin i gcás leath dóibh. Caithfidh ár múinteoirí a nótaí féin a chur le chéile do na hábhair sin, nó caithfimidne nótaí Béarla a thógáil agus iad a aistriú go Gaeilge, ionas go mbeimid in ann na scrúduithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, rud atá tábhachtach dúinn féin go pearsanta mar gheall go bhfuil bród againn as an nGaeilge.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Níl leabhar stair againn anois i nGaeilge. Tá ar an múinteoir leabhar Béarla a fháil agus chuile rud a aistriú. Tá orainn na nótaí staidéir a aistriú. Tá mé ar an bhfoireann díospóireachta faoi láthair. Nuair atá an díospóireacht i mBéarla, tá orainn taighde a dhéanamh agus ansin ár gcuid óráidí a scríobh. I gcás na díospóireachtaí Gaeilge, tá orainn taighde a dhéanamh, seachtain a chaitheamh á aistriú agus ansin ár gcuid óráidí a scríobh. Is pian é, go háirithe nuair nach bhfuil againn ach coicís le hullmhú don díospóireacht, go gcaithfear an chuid is mó den am a chaitheamh ag déanamh aistriúcháin.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá an pointe sin thar a bheith tábhachtach. Nuair atáimid ag déanamh stocaireachta, uaireanta ní chuimhnímid ar an iarracht bhreise atá le déanamh ag daoine óga atá ag iarraidh gníomhaíocht nó staidéar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is pointe an-tábhachtach é.

Tagann sé chun cinn i gach cur i láthair a dhéanann múinteoirí anseo. Tháinig an rud ceannann céanna chun solais i Múscraí le déanaí.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe, ina measc beirt a bhíonn anseo go rialta. Cuirim míle fáilte roimh an mbeirt nua, Iseult Ní Fhoighil agus Dómhnall Ó Braonáin. Tá an staidéar seo iontach tábhachtach. Is dócha go leagann sé méar ar rudaí gur eol dúinne a bhíonn ag dul isteach agus amach ón nGaeltacht go rialta. Tá sé go maith go bhfuil na fíricí againn le seasamh leis. Molaim iad siúd a rinne an obair leis an staidéar seo a chur le chéile.

Bíonn an Cathaoirleach ag cur brú orm ceisteanna a chur i gcónaí. Tá cúpla ceist réitithe agam. Is dócha gurb í ceist an bhuiséid an cheist mhór. Tá Muintearas ag caint ar bhuiséad uaillmhianach de €495,000 sa chéad bhliain agus €690,000 sa dara bliain. Chuala muid i gcáinaisnéis an lae inniu nach mbeidh ach ardú de €2.5 milliún ag Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn. Níl a fhios agam cé chomh dóchasach is a bheadh na finnéithe ó thaobh an bhuiséad sin a aimsiú. Céard iad na foinsí ar a bhfuil lucht Muintearas ag brath? An bhfuil siad ag brath go huile is go hiomlán ar Roinn na Gaeltachta agus ar Údarás na Gaeltachta? Má tá, an bhfuil siad dóchasach go dtiocfaidh siad ar an airgead?

Labhair Máirín Nic Fhionghuin faoi sheirbhísí comhairleoireachta - ábhar a tháinig chun cinn i nGaillimh roinnt mhaith uaireanta le déanaí. Bhí Youth Work Ireland, go háirithe, ag clamhsán nach raibh siad in ann fiú leanacht le seirbhísí i gcathair na Gaillimhe. Ba bhreá leo bheith in ann seirbhísí comhairleoireachta a chur ar bun i gConamara, ach airgead a fháil. Cé chomh tábhachtach is atá seirbhísí comhairleoireachta don dream óg atá i láthair agus a gcomhaoisigh sa scoil?

Ba mhaith liom ceist a chur maidir le hionadaíocht óige sa cheannaireacht ar an rud seo ar fad. An raibh ról ag an dream óg ó thaobh an tuairisc a chur le chéile, ó thaobh na ceannasaíochta agus ó thaobh an choiste a bhí ann? Cén ról atá acu sna clubanna atá bunaithe? An bhfuil siad ar an gcoiste agus mar sin de? Cén tábhacht atá ann go mbeadh daoine óga istigh i lár an aonaigh ag déanamh cinnithe maidir le céard atá ag tarlú ó thaobh na gclubanna?

Tá córas iompair tuaithe againn i gConamara. Tá an córas, Bealach, an-teoranta ós rud é go bhfuil an buiséad an-íseal. An mbaineann na heagraíochtaí aon úsáid as an gcóras iompair tuaithe sna Gaeltachtaí éagsúla? Níl a fhios agam conas mar atá cúrsaí i gConamara. Tá a fhios agam go raibh clubanna dornálaíochta, mar shampla, ag baint úsáide as. An bhfuil Muintearas ag caint leo siúd atá bainteach leis an gclár iompair tuaithe sna ceantracha éagsúla ó thaobh úsáid an chórais sin?

Tá na pleananna teanga á réiteach sna ceantracha éagsúla. An bhfuil Muintearas páirteach mar chuid den phróiseas comhairleach? Tuigim go bhfuil baint ag Muintearas leis an bplean atá á réiteach i gCeantar na nOileáin, mar shampla. An raibh Muintearas ar na coistí comhairleacha sna ceantracha eile? An bhfuil lucht Muintearas ag sníomh le chéile an méid atá á rá acu anseo agus an méid atá ag teacht chun cinn sna pleananna?

Ó thaobh óige na Gaeltachta, cén foireann go díreach atá ag Muintearas i láthair na huaire? Tá sé ráite go mb'fhéidir go ndéanfar oifigigh forbartha eile a earcú. Cén obair bhreise a bheadh ar bun ag na hoifigigh sin, seachas an dream atá ar an talamh cheana féin? Cén difríocht a bheadh san obair idir an dá dream?

Tá ceisteanna móra curtha agam. Tá an taighde thar a bheith tábhachtach. Cheapfainn go mbeimid ag iarraidh bheith ag tacú leis. Bheinn imníoch maidir le cúrsaí maoinithe i gcomhthéacs an easpa maoinithe atá ar fáil do na pleananna teanga i láthair na huaire. Tá teorainn de €100,000 ar an maoiniú atá ar fáil do chuile phlean. Níl rudaí ag breathnú dóchasach. Is dóigh liom go dtacóidh an coiste seo i bprionsabal leis na rudaí atá Muintearas ag iarraidh a bhaint amach.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Ba mhaith liom an chéad cheist a thógáil. Is dóigh liom go raibh naoi gceist ann san iomlán. Ní cheapaim go bhfuilimid ag iarraidh a bheith uaillmhianach ar chor ar bith. Níor mhaith liom go gceapfadh éinne go bhfuilimid uaillmhianach. B'fhéidir gur cheart dúinn smaoineamh taobh amuigh den bhosca, mar a deirtear. Níor cheart go mbeadh chuile dhuine ag ceapadh go dtiocfaidh sé seo amach as buiséad an údaráis. Is dócha gurb é leathanach 38 ar cheann de na leathanaigh is tábhachtaí sa cháipéis. Déantar comparáid ar an leathanach sin leis na heagraíochtaí atá ag feidhmiú i mBéarla don óige. Creidim gur cheart dúinn go dlisteanach bheith ag fáil airgid go díreach as an bhfoinse céanna is atá na macasamhail eagraíochtaí Béarla, seachas bheith ag dul i gcónaí chuig tobar amháin. Is é sin an chéad rud. Is ceart é sin. Is minic go gcuirtear brú ar bhuiséad teoranta as na foinsí sin. Tá mé ag seasamh suas don údarás nuair a deirim é sin. B'fhéidir go leagann leathanach 38 amach an teachtaireacht is suntasaí atá againn. Ba cheart go mbeadh airgead curtha ar fáil do na réimsí oibre óige sna ceantrachta Gaeltachta is atá ag na macasamhail atá ag feidhmiú i mBéarla.

Braitheann ceist na pleanála teanga ar na daoine óga as na ceantair éagsúla. Tá réigiúin áirithe le pleananna teanga acu. I gcás réigiún amháin lena bhfuil Muintearas ag plé - Ceantar na nOileáin - tá áthas orm a rá go bhfuil ról lárnach ag daoine óga sa phlean ansin. Beidh an plean sin foilsithe go luath. Ceapaim go bhfeicfear ansin an fianaise go raibh ról lárnach ag daoine óga sa phlean. Mar is eol d'Iseult agus Dómhnall, cuireann Muintearas béim i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann le glór na ndaoine óga. Tá sé sin le feiceáil i bplean Cheantar na nOileáin, lena bhfuilimid ag plé. Níl a fhios agam faoi na ceisteanna eile maidir le clubanna óige, srl.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

B'fhéidir gur féidir liom cúpla ceann a fhreagairt. Luaigh an Seanadóir na coistí pleanála teanga. Thart ar bhliain ó shin, rinne mé cur i láthair le go leor de na coistí faoi na seirbhísí óige a chuireann muid ar fáil. Ag na cruinnithe réigiúnacha, bhuail muid le go leor de na daoine atá ag plé le cúrsaí pleanála teanga nó atá ar na coistí. Dúirt cuid acu nach raibh aon eolas acu go dtí sin go raibh a leithéid de thaighde ar siúl ag Muintearas agus go mbeadh sé úsáideach dóibh dá mbeidís curtha ar an eolas beagáinín níos túisce ná sin. Nuair a thosaigh muid ag plé leis an taighde, chuaigh muid tríd na teagmhálaithe a bhí againn, mar shampla, tríd na scoileanna. Ní gá go mbeadh coistí pleanála teanga luaite go sonrach ansin. Bhí siad luaite i roinnt ceantar, ach ní mar sin a bhí i gach ceantar. Bhí cúpla duine ag clamhsán nach raibh Údarás na Gaeltachta tar éis iad a chur ar an eolas go raibh a leithéid de rud ar siúl ag Muintearas.

Míneoidh mé an pointe atá á ardú agam. Tá sé molta i gcuid de na pleananna gur cheart go mbeadh oifigigh forbartha óige fostaithe ag na coistí chomh maith.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Tá.

Tá mé ag cuimhneamh ar an teacht le chéile ar mhaithe le cúrsaí.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá freisin ar an gceist a d'ardaigh an Seanadóir maidir le foinsí airgid. B'fhéidir gurb é an rud is tábhachtaí ar fad anseo ná go mbeadh daoine óga sna ceantracha Gaeltachta aitheanta mar spriocghrúpa iontu féin le thaobh maoiniú a chur ar fáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn faoi láthair ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do thograí óige. Sílim go mbeidh an próiseas sin ag teacht chun deiridh thart ar deireadh na bliana seo. Beidh leagan amach iomlán nua ag an Roinn ar chúrsaí airgid agus tograí óige á maoiniú acu. Tá dréachtliosta de na spriocghrúpaí ar a bheidh an Roinn ag díriú isteach, agus ag cur airgead ina dtreo, curtha le chéile cheana féin. Dá mbeadh daoine óige Gaeltachta luaite ansin-----

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Mar spriocghrúpa.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

-----bheimid cinnte as seo go ceann cúig bliana nó mar sin go mbeadh maoiniú áirithe ar fáil gach bliain. Táimid i gcónaí ag caint ar chúrsaí airgeadais agus maoinithe. Chinnteodh an stádas seo mar spriocghrúpa go mbeidh maoiniú áirithe ar fáil gach bliain as seo go ceann cúig nó sé bliana, rud atá fíorthábhachtach.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

An bhfuil aon rud le rá ag na finnéithe óga maidir leis na coistí agus na clubanna óige?

Ms Iseult Ní Fhoighil

Is cuimhin liom comhrá a bhí agam cheana le mo chara. Nuair a bhí mé sa chéad bhliain, bhí mé mar bhall den chlub óige i Lurgan agus bhí mo chara mar bhall de chlub óige éigin i nGaillimh. Nuair a bhí mé ag caint le mo chara faoin gclub óige, bhí mé ar bís mar bhí mé sa chéad bhliain agus bhí mé ag fás suas agus mé sa chlub óige. Agus mé ag labhairt faoi gach rud a rinne muidne, thosaigh mo chara ag labhairt faoi na háiseanna ar fad a bhí sa chlub i nGaillimh nach raibh againn, agus gach rud a raibh siadsan in ann a dhéanamh ach nach raibh muidne in ann a dhéanamh. Cheap mé nach raibh na háiseanna céanna sa chlub óige s'againne mar gheall go rabhamar sa Ghaeltacht agus faoin tuath.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

An bhfuil úinéireacht agaibh ar na clubanna-----

Tríd an gCathaoirleach, más é do thoil é.

Táimid srianta le ham. Glaoim ar Mr. Ó Braonáin.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Ar an ábhar sin?

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Díreach ar an gceist a bhí ann maidir le-----

Tríd an gCathaoirleach, más féidir. An bhfuil aon rud le rá ag Mr. Ó Braonáin maidir le na ceisteanna uilig a chuir an Seanadóir? Tá sé deacair cuimhneamh orthu go léir. Chuir sé ceisteanna maidir le ról na ndaoine óga ar choistí éagsúla agus maidir le-----

An airíonn Mr. Ó Braonáin go bhfuil daoine óga páirteach sa bpróiseas nó ar mhaith leo níos mó-----

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Ní airím i ndáiríre. Is cuimhin liom mí amháin nuair a bhí Mam ag dul ag cruinniú choiste pobail mar gheall ar phleanáil teanga nó rud éigin. Chuir mé ceist uirthi an bhféadfainn dul ann léi agus céard atá ag tarlú a fheiceáil. Dúirt sí "no" agus gur rud é do dhaoine fásta. Is dóigh nach bhfuil daoine óga lárnach. Ba chóir go bhféadfaí labhairt leis na scoileanna san áit agus grúpa daoine óga a roghnú chun pointí a chur chun cinn ag cruinnithe mar sin.

Go raibh maith agat.

Tá ceist amháin agam faoin gclár iompair tuaithe. An mbíonn aon comhráite ag Muintearas leis an dream atá ag plé le hiompar tuaithe ó thaobh na riachtanais iompair?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Bíonn i dtaobh seirbhísí áirithe a chur ar fáil. Nuair atáimid ag caint ar chúrsaí taistil sa straitéis seo, tá an infreastruchtúr ann cheana. Tá minibusanna ag go leor coistí agus grúpaí amuigh ansin cheana féin ach ní bhíonn siad ar fáil ag am a oireann do dhaoine óga. Is saghas joined-up thinking a theastaíonn. B'fhéidir gur bealach amháin é an clár iompair tuaithe inar bhféadfaimís é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Bhí sé thar a bheith spéisiúil. Tá ceist theicniúil amháin agam i dtosach báire. Dúradh go raibh ioncam iomlán Foróige €20 milliún agus ansin luadh deontas ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus mar sin de. Cá bhfaigheann Foróige an €17 milliún eile?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Is ceist mhaith í sin.

An bhfaightear ón Stát é?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Is foinsí Stáit den chuid is mó atá i gceist.

Tá €17 milliún d'fhoinsí Stáit ar iarraidh anseo. Bheadh sé an-spéisiúil fháil amach céard iad na foinsí seo. Fágfaimid é sin ar leataobh ar feadh soicind. Ó thaobh an bhus de, tá mé ag obair ar cheist an bhus i gConamara agus ar Chois Fharraige. Tá go leor fadhbanna ag baint leis sin. Tá cruinniú beagnach socraithe faoi sin. Tá súil agam dul chun cinn a dhéanamh. Tá easpa seirbhíse bus d'óige i ndeisceart Chonamara agus is fadhb an-mhór é ach, ó tharla go mbaineann sé seo leis an tír uilig, ní chaithfidh mé an tráthnóna leis seo. Tá ceist ollmhór ann.

Ar cheist na dtéacsleabhar, ba cheart scríobh chuig an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Molfaidh mé é sin ar ball, nuair a bheidh an cruinniú príobháideach ar siúl. Molfaidh mé go scríobhfaimid chuig COGG i dtaobh dhá cheist atá ag éirí le téacsleabhair. Is é an chéad cheist ná go mbeadh téacsleabhair i nGaeilge ar fáil agus an dara cheist ná go mbeidís i nGaeilge intuigthe na Gaeltachta seachas sa nGaeilge oifigiúil seo atá an-deacair a thuiscint. Feicim go bhfuil a dhá oiread oibre ar na coistí, na scoláirí agus mar sin de atá ag iarraidh a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge. Is fadhb ollmhór í sin. Feictear coistí a mbraitheann gur cheart leagan Béarla a chur ar fáil má scríobhann siad chuig an Stát i nGaeilge. Ní chuirim féin mar tá córas aistriúcháin ag an Rialtas. Tá dualgas faoin dlí aige an tseirbhís chéanna a chur ar fáil do dhaoine a scríobhann i nGaeilge. Fágfaimid é sin mar atá sé. Má tá an iomarca dua ann, éirítear as agus gabhtar an bealach is éasca. Níl duine ar bith sa nGaeltacht nach bhfuil Béarla aige nó aici. Tá go leor daoine sa ngalltacht nach bhfuil Gaeilge acu. Nach í sin an fhadhb? Tá an-trua agam do dhaoine atá ag streachailt leis an bhfadhb sin.

Maidir le ceisteanna airgid, tá na sonraí ar leathanach 50 den straitéis. Is é an rud mór sa bplean foirfe seo ná na hionaid buail-isteach. Má táimid dáiríre faoin straitéis 20 bliain agus faoin óige, ba cheart tosaíocht iomlán a thabhairt do seo. Beidh an dream atá fásta a bhfuil an Ghaeilge acu go breá. Níl an cheist atá ann an bhfuil eolas ar an teanga ag na daoine óga ach an labhraíonn siad eatarthu féin í? Mura mbeidh na rudaí seo ann, beidh brú orthu. Beidh mise ag tacú go hiomlán leis seo. An airgead mór é? Ní dóigh liom gurb é. Bhí muid ag lorg €5.3 milliún i mbliana. Dá mbeadh sé sin faighte againn, bheadh sé éasca. B'fhéidir nach gcaithfidh Muintearas an €495,000 an bhliain seo chugainn mar chaithfear daoine a fhostú agus mar sin de. Is sa dara bhliain a bheadh an costas iomlán €690,000. Ní airgead ollmhór é má táimid dáiríre faoi dhaoine óga ar dhá leibhéal: ar mhaithe leo féin agus a leas féin; agus ar mhaithe leis an teanga.

Tá dhá rud ann. Tá ceart againn mar shaoránaigh an Stáit seirbhísí ceart a fháil. Táimid i gcónaí ag iarraidh daoine óga á gcur ag labhairt na teanga. Déanfaidh an plean a chuir Muintearas le chéile é sin. Tá mo thacaíocht iomlán aige ar seo. Ní fheicim gur praghas mór é seo má táimid dáiríre ar chor ar bith. Agus muid ag plé leis an straitéis, bheinn ag súil go bhféadfaí go leor a dhéanamh go náisiúnta le €10 milliún sa mbliain sa mbreis ar an méid atá ann. I gcomhthéacs chaiteachas an Stáit, ní tada é.

Ní gá le Mr. Ó Coisdealbha é seo a fhreagairt ach ba mhaith liom go dtuigfeadh sé cé as a bheadh mise ag teacht ar na rudaí seo. Ó mo thaithí, is ceann de na buntáistí atá ann leis an airgead a fháil trí na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ná go bhfaightear seirbhís iomlán trí Ghaeilge. Tuigim an loighic a bhaineann le dul ag na heagraíochtaí Béarla ach go minic bíonn fadhb ann. Ó thaobh an Stáit de, níl aon difríocht ann. Is é an costas ceannann céanna atá ann ó thaobh an Stáit. Dá mbreathnódh an Stát ar rudaí ó satailít sa spéir, feicfidh sé gur chuid de chaiteachas iomlán an Rialtais é. Is plé é sin go ginearálta a chaithfear a bheith ann, ach tógaim faoi deara, nuair a bhí muid ag plé mar Roinn le háiseanna spóirt agus caitheamh aimsire na Gaeltachta, agus Fianna Fáil i réimeas, bhí béim ollmhór ar an nGaeilge ag na cumainn ag bhí ag fáil an airgid. Nuair a bhrúigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt isteach ar an bpáirc, bhí chuile shórt á dhéanamh trí Bhéarla.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá dhá pointe sciobtha agam. Molaim an rud a luaigh an Teachta faoi COGG. Ba chóir é sin a dhéanamh. Ní haon mhaith le teacht le chéile mura bhfuil moltaí díreacha ag teacht amach as an rud. Molaim go láidir an pointe a rinne Ms Ní Fhionghuin. Má tá achainí amháin ag teacht amach as an gcruinniú seo inniu, is géarghá é sin. Creidim i gcónaí nach bhfuil aon mhaith teacht ag cruinniú mura bhfuil toradh ann. Má tá achainí amháin ann, ba chóir go mbeadh sé go n-aithneoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige óige na Gaeltachta mar spriocghrúpa. Sin a dúirt Ms Ní Fhionghuin. Is é sin an rud is tábhachtaí.

Le cur le pointe an Teachta, ní hé go bhfuilimid ag dul isteach i dtobar an Bhéarla. Cuireann an Roinn an t-airgead sin, ná an t-allúntas atá dlite d'óige na Gaeltachta, ar fáil don áisínteacht Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta. An dtuigeann an Teachta? Go minic bímid ag toraíocht tobair. Sin é gur gá a dhéanamh. Caithfidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige-----

Pléifidh mé é sin le Mr. Ó Coisdealbha lá éigin eile. Ó thaobh an Stáit de, níl aon chiall ag baint leis an airgead a thabhairt d'eagraíocht óige agus ansin é a thabhairt, faoi threoir na Stáit-----

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Aontaím.

-----ar ais don údarás le dáileadh amach. Chuile uair a aistrítear airgead ó Roinn amháin do Roinn eile, cailltear cuid den airgead i gcostais riaracháin agus cuirtear rialacha nach bhfuil féiliúnach air. Pléifidh mé lá éigin eile é. Is ceist an-mhór é agus bím féin idir dhá chomhairle faoi. Níl me ag rá nach mbíonn. Go ginearalta agus go praiticiúil - ní go teoiriciúil - fuair mé amach go raibh sé i bhfad níos fearr má aithníonn an tAire atá freagrach as an nGaeltacht ag bord an Rialtais agus a bhfuil i gceannas ar an obair, go bhfuil €20 milliún do chlubanna óige na tíre, X le haghaidh na Gaeltachta - agus ba chóir é sin a thabhairt don údarás - agus go bhfuil Y le haghaidh coda eile. Is sampla de sin an rud a rinne mé leis an scéim shóisialta tuaithe, RSS, agus Tús. Dúirt mé, i gcás na Gaeltachta, gur chóir an t-airgead iomlán a thabhairt don údarás, seachas an comhpháirtíocht, sa gcaoi nach mbeadh aon eagraíocht breise i gceist leis an nGaeltacht.

Pléifimid lá éigin eile é.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Caithfimid cuimhneamh-----

Níl mé ag dul ag argóint.

Nóiméad amháin. Tiocfaidh mé deis don Teachta teacht ar ais.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá an t-údarás imithe síos ó €26 milliún sa bhliain 2008 go dtí €6.7 milliún-----

Ó thaobh an RSS, faigheann siad an t-airgead ceannann céanna-----

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tuigim é sin.

Okay. Iarraim ar an Teachta Ó Muimhneacháin focal nó dhó a rá.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair atá déanta acu. Tá an-chuid eolais faighte againn ón suirbhé. Tá sé an-saibhir. Tógfaidh sé tamall maith é a chíoradh. Tá roinnt mhaith tarraingthe amach as sa díospoireacht seo cheana féin. Rith sé liom nuair a bhí na hábhair éagsúla á bplé go raibh plé an-chosúil againn le déanaí maidir le cúrsaí taistil, srl., atá ag cur as do dhaoine óga i gceantar Mhúscraí.

Tá na finnéithe tar éis díriú isteach ar chúpla ábhar, ar nós an éilimh atá ann ar scileanna beatha agus ar eolas i dtaobh oideachais agus cúrsaí sláinte, srl. An bhfuil daoine ag lorg rud éigin difriúil ón méid atá ar fáil tríd na scoileanna faoi láthair? Ar tharraing na scoileanna siar ar an gcineál seo seirbhísí nuair a déanadh na ciorruithe ar threoirchomhairliú? An bhfuil bearna le líonadh nach bhfuil á líonadh sna scoileanna? An bhfuil éileamh breise ann anois? An bhfuil ábhar difriúil in aigne ag na finnéithe? Iarraim orthu é seo a shoiléiriú.

Tuigim go bhfuil Muintearas maoinithe trí Údarás na Gaeltachta. An bhfuil buiséad imfhálaithe ag Muintearas i gcomhair cúrsaí óige? An roinneann Muintearas amach an carn airgid a thagann isteach ón údarás i measc na gcúntóirí teanga agus na scéimeanna éagsúla, srl.? Tá mé ag lorg soiléiriú ar an gceist sin freisin.

Aontaím go mór leis an bplean i dtaobh na hionaid buail-isteach. Cuirfidh siad go mór leis an saol sóisialta agus le cúrsaí teanga. Is beagán airgid atá á éileamh le haghaidh na n-ionad seo, i ndáiríre. Molaim go mór an smaoineamh seo. Ba chóir dúinn gach iarracht a dhéanamh dul sa tóir air.

De réir na sleamhnáin a thaispeáin Máirín Nic Fhionghuin dúinn, is dóigh le thart ar 40% de daoine óga go gcuirfeadh an scoil lena gcuid Gaeilge. Dúirt 16% dóibh go gcabhródh na hionaid buail-isteach. Dúirt grúpa ollmhór eile - 23% - go gcabhródh na clubanna lena bhfuil siad bainteach, ar nós clubanna Cumann Lúthchleas Gael, go mór leo sa chomhthéacs seo. An bhfuil aon phlean, nó aon phíosa den straitéis, chun díriú ar an ngrúpa mór sin agus comhoibriú leis na grúpaí eile?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Déanfaidh mé iarracht cúpla ceann de na ceisteanna sin a fhreagairt. B'fhéidir nach bhfuil na clubanna ar fad á reáchtáil go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Tá sé luaite againn i gcúpla áit sa phlean gnímh go gcaithfidh Muintearas stocaireacht a dhéanamh ar na clubanna sin le bheith cinnte go gcuireann siad na himeachtaí ar fad ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar a léiríodh i roinnt ceantar, ní hé nach bhfuil daoine toilteanach na seirbhísí sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil mórán daoine sna ceantair sin atá ábalta é a dhéanamh. Is gá breathnú ar an gceist seo ar bhealach difriúil ar fad agus b'fhéidir cabhair i bhfad níos praiticiúla a chur ar fáil dóibh. Is cinnte go bhfuilimid ábalta é sin a dhéanamh.

Mar fhreagra ar an gceist faoi chúrsaí airgid, is féidir liom a rá go bhfuil an maoiniú d'óige na Gaeltachta imfhálaithe. Tá an méid céanna ann le roinnt blianta anuas. Tagann sé isteach go sonrach le haghaidh cúrsaí óige.

Níl Muintearas ag brath ar na cinntí a dhéanann Údarás na Gaeltachta.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá na figiúirí ar leathanach 37.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Tá an chuid is mó den €230,000 sa bhliain atá i gceist á chaitheamh ar phá na n-oifigeach forbartha. Nuair atá an triúr oifigeach forbartha agus an bainisteoir íoctha, níl an oiread sin airgead fágtha le himeachtaí a eagrú do dhaoine óga. An féidir leis an Teachta an chéad cheist a bhí aige a mheabhrú dom?

Labhair mé faoin éileamh atá ann d'oideachas sláinte, srl. An bhfuil sé i gceist an bearna a fágadh nuair a tharraing na scoileanna siar de bharr na ciorruithe ar threoirchomhairliú a líonadh? An bhfuil ábhar breise nó difriúil de shaghas éigin in aigne?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Sílim go bhfuil an dá rud i gceist anseo. Níl roinnt scoileanna ag cur mórán comhairle nó gairmthreorach ar fáil faoi láthair mar gheall ar na ciorruithe a dearnadh le roinnt blianta anuas. Dúirt go leor daoine óga freisin go bhfuil siad ag iarraidh cabhair nó eolas breise faoi rudaí praiticiúla, ar nós cén chaoi le billí a íoc agus cursaí cánach a thuiscint. B'fhéidir nach gcuireann a gcuid scoileanna a leithéid ar fáil faoi láthair. Uaireanta, ní bhíonn fonn ar dhaoine óga a leithéid a fhoghlaim nuair atá siad sa mheánscoil, agus ansin nuair a théann siad amach sa saol, caithfidh siad bheith in ann na rudaí seo a dhéanamh all of a sudden. Sílim go bhfuil an dá rud i gceist.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Feictear dom go bhfuil an t-idirbhliain an bhliain is fearr, i ndáiríre, leis an fhadhb sin a thógáil agus maith a dhéanamh air. San idirbhliain, b'fhéidir go bhfuil fócas níos mó ar day-to-day life, seachas cúrsaí acadúla mar atá i gceist ina dhiaidh sin go dtí go bhfágfar an scoil. Mar sin, is féidir a rá leis na scoileanna go bhfuil deis acu aíonna a thógaint isteach le labhairt leis na gasúir faoi na rudaí seo. Nuair a bhí mé san idirbhliain anuraidh, eagraíodh cúrsa sé seachtaine i leith na sláinte meabhraí. Is féidir an rud céanna a dhéanamh faoi shláinte beatha nó, mar a luaigh Máirín Nic Fhionghuin, ábhair ar nós cánach, morgáistí agus billí. Níl cliú agam céard a bheidh le déanamh nuair a thiocfaidh an lá sin.

An bhfuil an idirbhliain roghnach?

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Tá sé roghnach sa scoil s'againne. Tá a fhios agam nach bhfuil sé roghnach i scoileanna eile. Níl sé ar fáil ar chor ar bith i scoileanna eile. Is dócha go mbeadh fadhb i gceist sna cásanna sin.

Ní fadhb atá ann, ach deis iontach an idirbhliain a úsáid sa chaoi atá leagtha amach agat. Tá an ceart agat. Is smaoineamh maith é.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Tá an t-ádh dearg orainn freisin go bhfuil idirbhliain chomh maith ag ár scoil. Gach bliain, tugann an idirbhliain an-chúnamh do gach duine. Foghlaimíonn na daltaí scileanna nua. Bíonn an oiread ceardlann agus aoíchainteoirí sa scoil. Ba mhaith liom a rá freisin go bhfuil múinteoir gairm iontach againn freisin.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

B'fhéidir go mbainfeadh scoileanna eile tairbhe as an méid céanna deiseanna a bheith acu.

Bíonn deis ann aoíchainteoirí a thabhairt isteach le caint ar ábhair cosúil le meabhairshláinte.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Bíonn.

Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh. Gabhaim buíochas leis na finnéithe atá anseo linn tráthnóna. Tá siad os comhair an choiste ag am tráthúil i dtaca le cúrsaí óige, go háirithe. Mar a dúirt siad, tá athbhreithniú ar bun sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige faoi láthair. Measaim gur maith an rud é go bhfuil value for money assessment ar siúl ag an Roinn. Bhí mé ag amharc ar na figiúirí ginearálta don chaiteachas náisiúnta. Sa bhliain 2011, bhí €79 milliún curtha ar fáil do chúrsaí óige ar fud na tíre. Tháinig €61.5 milliún ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, €8.3 milliún as an HSE agus €8.89 milliún ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le haghaidh na Garda diversion programmes, srl. Cuireadh an caiteachas mór sin ar fáil ar mhaithe le buntáiste a thabhairt do 883,000 duine idir deich mbliana agus 24 bliana d'aois sa Stát iomlán. Dá mbeadh an caiteachas sin briste síos de réir daonra de, is dóigh liom go mbeadh an Ghaeltacht ag fáil níos mó. Glacaim leis nach bhfuil na figiúirí de chuid an CSO feicthe agam, ach is dócha go bhfuil idir 8,000 agus 12,000 duine sa Ghaeltacht san aoisghrúpa idir deich mbliana agus 24 bliain d'aois.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá thart ar 12,000 duine i gceist.

Bheadh an méid coibhneasach níos mó ná an méid atá ar fáil do Mhuintearas faoi láthair. Measaim gur cheart ceist i dtaobh collaboration leis na heagrais eile a ardú sa chomhthéacs seo. Tá cuid de na heagrais eile ag feidhmiú sa Ghaeltacht fosta.

Ag leibhéal náisiúnta, caithfear teacht ar réiteach faoin cheist seo. Sa deireadh thiar thall, caithfear a rá cé atá freagrach as an Ghaeltacht agus an bhfuil cuid den bhuiséad atá á chur ar fáil do na heagrais eile le bheith curtha ar fáil don údarás. Tig linn moltaí a dhéanamh ach caithfear é sin a réiteach ag leibhéal polaitiúil.

Ó thaobh na hoibre atá ar bun sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, tá mé cinnte go mbeidh na torthaí a bheidh ar fáil ag taispeáint go bhfuil value for money ón chaiteachas sin agus go bhfuil buntáiste mór ann ó thaobh na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus 40,000 duine ag obair go deonach le cois na ndaoine atá ag obair sa chóras - 1,350 duine nó rud éigin a bhí ag obair ann in 2011 - ar fud an Stáit.

Tá cuid de na moltaí agus cuid de na rudaí atá ag titim amach as an suirbhé an-spéisiúil ar fad. Cím gur bhain Muintearas úsáid as surveymonkey.com agus, gan aon dabht, sin córas maith. Measaim go bhfuil eolas anseo gur féidir a úsáid chan amháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht mar tá cuid dó ginearálta agus ag baint le cúrsaí sláinte, meabharshláinte agus a leithéid. Tá saibhreas leis an eolas seo. Ó thaobh an airgid atá i gceist, is airgead beag é sa chomhthéacs iomlán.

Ó thaobh na n-ionad buail-isteach, bricks and mortar, mar a déarfá, tá sé i gcónaí tábhachtach go mbeadh áit ag daoine óga le dul. An féidir networking a dhéanamh ansin le cuid de na heagrais eile, mar shampla, an Cumann Lúthchleas Gael? Tá ceann in achan pharóiste. Dá dtigfeadh ceangal a dhéanamh le heagras cosúil leis an CLG, ní gá struchtúr úr a thógáil anseo. Tá mé ag rá é seo le blianta anuas. Chan amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre, déarfainn go mbeadh fáilte ag leibhéal náisiúnta ón CLG. Tá fear as Baile Átha Cliath, John Horan, tofa ina uachtarán ar an CLG agus tá suim mhór aige i gcúrsaí Gaeilge agus i gcúrsaí óige. An féidir an ceangal sin a dhéanamh agus é a thiomáint fosta fá choinne an template seo a láidriú? Tá a fhios agam gur struchtúr eile atá ag an CLG. Fá choinne moltaí cosúil le cuid de na moltaí atá anseo a chur i bhfeidhm, áfach, cén tuairim atá ag na finnéithe faoi? An bhfuil sé indéanta? An féidir é a dhéanamh? An bhfuil options ansin? I gcás an FAI, níl cumann sacair i ngach paróiste ach tá club de chuid an Chumann Lúthcleas Gael i ngach baile fearainn beagnach. Tá, certainly, i ngach paróiste. An féidir úsáid a bhaint as sin?

Labhair an Teachta Aindrias Moynihan faoi career guidance agus tá sé soiléir ón suirbhé go bhfuil botún déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Aithnítear sa suirbhé seo go bhfuil bearna ann. Caithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-airgead a thabhairt do na hógeagraíochtaí an tseirbhís a chur ar fáil nó an tseirbhís a chur ar ais é féin. Tá deacrachtaí ag go leor daoine óga. Bíonn muid uilig ag caint le daoine óga. Tá sé deacair go leor dóibh a n-intinn a dhéanamh suas maidir le hoideachas tríú leibhéal nó ceard a bhaint amach agus níos deacra fós nuair nach bhfuil an chomhairle ann. An bhfuil aon networking a thigfeadh a dhéanamh leis an CLG nó aon eagrais eile? B'fhéidir go bhfuil obair déanta ag Muintearas ar an ábhar seo.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Aontaím go huile is go hiomlán leis an Seanadóir. Níl aon rud as nua ag tarlú. Is cur amú airgid go leor a bheith ag cuimhneamh ar fhoirgneamh as an nua agus chuile shórt. Glacaim leis an bpointe mar gheall ar an CLG go pointe áirid ach ní cheart dúinn a bheith ag cuimhneamh i gcónaí air. Tá an CLG luaite in intinn dhuine óg le cluichí áirid agus b'fhéidir gur b'in iad na daoine óga nach bhfuil tada ann dóibh. Tabhairfaidh mé sampla maith. I mo pharóiste féin sa Spidéal faoi láthair tá togha an fhoirgnimh - seanscoil na gcailíní - ansin. D'fhéadfaí úsáid mhaith phobail a bhaint as sin ach faoi lathair tá sé ag eagraíocht Stáit - an HSE - agus níl an úsáid cheart á bhaint as. Sin an áit gur cheart an smaointeoireacht a dhéanamh, le cuid de na háisineachtaí Stáit a bhfuil áiteacha mar sin ar cíos acu ionas go mbeidís á n-úsáid go ceart sa bpobal. Sin ach sampla amháin.

Ceann de na géarchéimeanna is mó a bheidh sa tír seo as seo go ceann sé bliana ná easpa ceardaithe. Tá sé ann cheana féin ach beidh géarchéim ann faoi cheann sé bliana agus ciallódh sé go mbeidh orainn dream a thabhairt isteach le dul i mbun na gceirde sin. Bhí mé féin agus an tUasal Ó Braonáin á phlé ar ball. Níl na figiúirí os mo chomhair ach is dóigh go bhféadfaí a rá i mbliana gurb éigean d'Údarás na Gaeltacht scaoileadh le scór nó níos mó daoine óga a bhídís ar printíseacht de cheal airgid. Tá a fhios agam beirt acu atá bailithe thar lear. Nach mór an peaca é, beirt cheannairí óga den scoth as a bpobal féin. D'imigh mé féin as post Stáit fadó mar gheall ar chúrsaí grá agus adventure. Sin cinneadh a rinne mise ach is daoine iad an bheirt atá i gceist agamsa, agus b'fhéidir scór, a rinne cinneadh gurb éigean dóibh dul thar lear. Níl ansin ach rud simplí. Cé mhéad duine i mbliana nár éirigh leo dul ar scéim na bprintíseachtaí Gaeilge de cheal €60,000 nó €80,000? Is feall é sin, dar liom. Tá ainm, mar a dúirt mé, ar bheirt, ach tá níos mó ná beirt ann. Níl ansin ach sampla.

Caithfidh muid díriú ar rogha a thabhairt do dhaoine óga freisin. Tá go leor daoine le céimeanna faoi láthair ag obair i mbeáir. Níl tada contráilte leis sin. Is oideachas maith é, fad is nach bhfuil siad ag baint an iomarca úsáide as an rud atá taobh thiar den chuntar. Sin smaointeoireacht go gcaithfidh muid a dhéanamh. Más rud é go bhfuil muid ag scaoileadh le deichniúr sa mbliain faoi láthair de cheal scéim na bprintíseachtaí Gaeltachta, tá sé sin náireach.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Maidir leis na hionaid buail-isteach agus an t-airgead atá luaite sa straitéis, ní áiteacha a thógáil atá i gceist leis ach pá na beirte a bheadh ag obair ann ar feadh deich n-uaire an chloig sa tseachtain nó mar sin agus trealamh a chur ann.

Tá ceist ar an Roinn ó thaobh caipitil de. Caithfidh an Roinn dul go gach pobal agus féachaint cén réiteach is saoire agus is éifeachtaí i ngach pobal acu sin. Ar an gCeathrú Rua, sa seanhalla atá sé. Glacaim leis freisin go bhfuil daoine óga ag iarraidh áit lárnach. Mar shampla i Spidéal, b'fhearr leo a bheith i lár an bhaile ná a bheith amuigh i gColáiste Chonnacht.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Díreach é.

Tuigeann muid é sin. Dar liom, an bealach is fearr le tabhairt faoi ná é a leagan amach i bprionsabal sa Roinn go mbeidh cúnamh ar fáil dá leithéid. Bhí sé sin glactha leis agus sin an fáth a cuireadh an t-airgead ar fáil don Cheathrú Rua. Ansin ba chóir dúinn a rá le gach pobal teacht ar aghaidh leis an moladh is ciallmhaire agus iad ag tógáil suímh iomlán an phobail san áireamh. In áiteacha áirid, tá foirgintí ann nach bhfuil á n-úsáid. In áiteacha eile, tá seanfhoirgintí ag an údarás nach bhfuil á n-úsáid. Ní féidir é a leagan amach ar aon fhoirmle amháin, ach is féidir iad a chur ar fáil. Níl aon áit sa tír nach bhfuil foirgintí a bhféadfaí a chur ar fáil do na daoine óga ach an toil agus an polasaí a bheith ann chuige.

Má tá muid dáiríre faoi thodhchaí na Gaeltachta, b'fhéidir é seo an lá is tábhachtaí a rabhamar anseo fós mar is daoine óga atá i gceist.

Bhí mé chun ceist a chur faoin mbriseadh síos maidir leis na hionaid buail-isteach. Níl cíos i gceist ansan ná costas áit a thógáil.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Níl. Tá muid ag caint ar thart ar €25,000 sa mbliain do gach ionad. Leis sin, bhí €5,000 luaite againn do gach ionad an chéad bhliain a bheadh siad ar an bhfód le trealamh agus mar sin de a bhaint amach.

Níl costas an fhoirgnimh curtha isteach ar chor ar bith.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Is costais pá, PRSI agus mar sin de an €25,000.

Gabhaim míle buíochas as ucht an taighde. Tá sé iontach suimiúil. Tá a lán rudaí ann nach mbaineann le muintir óg na Gaeltachta amháin. Chuala mé cheana é ach fós is cuid shuntais dom é chomh lú is atá an figiúir maidir le labhairt na Gaeilge i measc daoine óga. An 18% an figiúir?

Ms Iseult Ní Fhoighil

Fáth amháin leis an bhfigiúir sin ná i mo ghrúpa cairde tá slám acu agus Gaeilge líofa acu. Táimid uilig compórdach nuair atáimid ag labhairt Gaeilge lena chéile. Tá cara nó dhó agam, áfach, nó b'fhéidir triúr, nach bhfuil an muinín céanna acu agus, má tá siadsan sa ghrúpa, ní féidir a bheith ag labhairt Gaeilge agus iad inár measc.

Tuigim. Sin fadhb mhór, i ndáiríre, agus an figiúir chomh lú agus atá sé ag 18%.

Caithfimid a bheith cúramach faoi na figiúirí seo. Nuair a bhí mise ag fás aníos, níor tógadh sa Ghaeltacht mé ach bhí Gaeilge sa gcúlra. Tá daoine ar labhair mé Gaeilge leo ó bhí mé 18 mbliana ar aghaidh nár labhair mé Gaeilge leo roimhe sin. Daoine iad seo a mbeadh aithne ag cuid dóibh siúd atá anseo orthu. Tá cúlra Gaelach ag cuid acu. Buíochas le Dia, nuair a bhí an dream sin 18 mbliana, rinneadar cinneadh Gaeilge a labhairt, ach bhí sé éasca acu mar bhí sí acu, áfach. Mar sin, dá mhéad de thaithí iompar teanga atá ag daoine óga ag fás aníos ag labhairt Gaeilge lena gcairde, is é is fearr é. Ach méadaíonn an figiúir ag 18 mbliana má tá sé sealbhaithe ag gasúir agus, más rud é, nuair a bhogann an duine ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus mar sin de. Mar sin, ní ceart an misneach a chailleadh. Tá chuile dhuine ag na finnéithe óga ag úsáid Gaeilge ina saol laethúil. B'fhéidir nuair atá siad lena gcairde dá gcomhaois nach bhfuil. Tuigim é sin. Bhí mé ann. Dar liom, tá iomarca drochmhisneach á chur ar phobal na Gaeltachta faoi seo mar is dóigh liom go bhfuil bealaí le déileáil leis. Cuideodh na clubanna na suíomh labhartha Gaeilge a chur ar fáil le go mbeadh an Ghaeilge sa treis, fiú leis na cairde sin a bhfuil an Iníon Uí Fhoighil ag caint orthu, agus d'éascódh sé rudaí. Sin an áit a fheicimse.

Níl a fhios agam cén ceist a bhí mé ag cur ach gabhaim buíochas leis an Teachta. Ceapaim go bhfuil an figiúir íseal. Níl mé ag iarraidh lagmhisneach a chothú ach tá sé íseal.

Baineann an céatadán is airde le labhairt le múinteoirí. Is é 92% an figiúir ansan. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach ó thaobh bheith ag caint le múinteoirí. An bhfuil mé mícheart faoi sin? Is rud suimiúil é sin dom. Níl tábhacht ag baint leis an nGaeilge taobh amuigh den chumarsáid atá idir daoine óga agus múinteoirí. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann é sin a fhreagairt.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Cuireann múinteoirí ach an oiread le tuismitheoirí brú orainn an Ghaeilge a labhairt. Déarfadh siad linn: "Stop ag labhairt Béarla, maith an fear, agus labhair Gaeilge. Tá Gaeilge agamsa agus labhair liom é." Sin, is dóigh, an ceacht is mó a mhúin mo mháthair dom. Chuaigh muid isteach ag dochtúir lá amháin. Ní raibh a fhios agam an raibh Gaeilge nó Béarla aige. Dúirt mé leis i mBéarla gur ghortaigh mé mo ghlúin nó cé rud a bhí orm. Dúirt mo mháthair liom, "Stop. Nach bhfuil Gaeilge aige sin. Is cuma cé leis a chasann tú riamh, labhair Gaeilge leo." Cuireann siad brú orainn agus sin an fáth a labhraíonn muid Gaeilge níos mó le múinteoirí agus le tuismitheoirí. I ngrúpa cairde, áfach, ní thógann sé ach duine amháin a bhfuil Gaeilge lag nó nach bhfuil Gaeilge ar bith acu chun teanga an ghrúpa a athrú.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Is faoi chláir teilifíse, scannáin, rudaí éicint atá muid ag léamh sna leabhair scoile, irisleabhair agus mar sin a bhíonn muid ag caint. Tá gach rud i mBéarla. Tá "Ros na Rún" againn ach ní bhíonn muid i Starbucks ag caint faoi "Ros na Rún".

Maidir leis an nGaeilge a labhairt sa mbaile, b'fhéidir botún atá ann sa tuarascáil ach tá sé ráite go ndúirt 59% nach í an Ghaeilge a labhraíonn siad sa mbaile. Tá sé sin ar leathanach 10 den tuarascáil. Dúirt 59% nach í an Ghaeilge a labhraíonn siad. Mar sin, 41% a labhraíonn an Ghaeilge. An é sin an figiúr ceart?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Is é.

Tá sé sin suntasach, nach bhfuil? Labhraíonn 41% de na freagróirí Gaeilge sa mbaile.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Tá Gaeilge líofa ag tuismitheoir amháin agus níl focal Gaeilge ag an tuismitheoir eile ag go leor de mo chairde. Dá bharr sin, labhraíonn siad Béarla leis an mbeirt acu. Má labhraíonn siad Gaeilge leis an tuismitheoir le Gaeilge, airíonn siad go dona. Dúirt cairde é sin liom. Bhí cara amháin agam a bhog ó Mheiriceá nuair a bhí sí i rang a 4. Tá Gaeilge líofa aici. Níl mórán Gaeilge ag a máthair ar chor ar bith ach tá fós Gaeilge líofa aici.

Cuir i gcás gur duine amháin le Gaeilge agus Béarla agus duine eile gan aon Ghaeilge iad na tuismitheoirí. An labhraíonn na daoine óga atá sa suíomh sin aon Ghaeilge leis an tuismitheoir le Gaeilge?

Ms Iseult Ní Fhoighil

Labhraíonn, ach má tá siad i gcomhluadar an tuismitheora-----

Ms Iseult Ní Fhoighil

Má tá an triúir acu le chéile, chasann siad-----

An labhraíonn siad Gaeilge riamh nuair nach bhfuil an tuismitheoir-----

Ms Iseult Ní Fhoighil

Labhraíonn.

Ba mhaith le 66% filleadh ar a gceantar dúchais. Tá an figiúr sin ard go leor. Is suimiúil an figiúir é mar, de ghnáth, an mantra ón Rialtas ná go bhfuil daoine óga ag iarraidh taisteal ar fud an domhain agus níl siad ag iarraidh teacht ar ais.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Tá sé ard go maith.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá an mantra sin athraithe. Bhí an rud sin ann uair amháin ach tá ré eile anois ann. Tá an ciorcal bailithe thart. Tá mé ag ceapadh go dtuigeann daoine anois san cineál fealsúnacht nua go bhfuil deiseanna agus slí maireachtála i bhfad níos fearr sna ceantair sin. Ar ndóigh, tá an réabhlóid nua-theicneolaíocht tar éis athrú a chur air agus tá níos mó deiseanna iompair anois ann ná mar a bhí 30 bliain ó shin. Tá an rud athraithe, ach níl a fhios agam an dtuigeann lucht na n-údarás é.

Tá sé suimiúil ar a lán leibhéal. Ó thaobh polasaí oideachais Gaeltachta agus pleanála teanga de, tá na figiúirí á nochtú sa tuarascáil seo thar a bheith tábhachtach.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Tá.

Ba chóir do na daoine atá ag eagrú na gcruinnithe maidir le pleanáil teanga agus polasaí oideachas don Ghaeltacht breathnú go cruinn ar an tuarascáil seo. Tá a lán machnaimh anseo.

Tá focal lárnach amháin sa gceist sin - filleadh. Tá mé ag rá le fada an lá gurb é an nós den óg ag 18 mbliana dul ar an ollscoil nó dul áit éicint. Tá mé i gcónaí ag rá go bhfuil cuid acu le jab as baile acu ar feadh tamaill agus ag 30 bliain nó 32 bliain, an chéad rud eile tá slabhra á dtarraing abhaile agus gurb é an filleadh an rud. Ba bhreá liom an cheist sin a chur ar na finnéithe óga. An gceapann siad go n-imeoidh siad ar an ollscoil nó ar áit éicint ar feadh tamaill agus ansin go dtiocfaidh siad ar ais nó an bhfeiceann siad iad féin ag fanacht sa mbaile i gcónaí?

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Tá súil agam féin dul go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun cúrsa innealtóireachta a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, níl a fhios agam an mbeidh mé in ann post a fháil agus fanacht gar do bhaile. Ba mhaith liom fanacht gar do bhaile. Lá breá éicint, má bhíonn clann agam féin, tá mé ag iarraidh iad a thógáil le Gaeilge. Bheadh sé tábhachtach cónaí sa Ghaeltacht. Tá mé féin théis dhá shamhradh anois a chaitheamh ag obair thall i Meiriceá mar go raibh as Meiriceá m'athair. Tugann sé sin seans dom dul ag obair thall ann ar feadh an tsamhraidh. Níl mórán oibre ann do mo leithéid i rith an tsamhraidh agus tá baint aige sin leis freisin. Níl mórán oibre ann do dhaoine m'aois thart ar an áit ina gcónaíonn muide. Mar sin, chuaigh mé anonn. Ní maith liom, i ndáiríre, an cineál saoil atá ansin i gcomparáid leis an saol dom sa mbaile. B'fhearr liom i bhfad fanacht sa mbaile. Má tá mé in ann dul agus é sin a dhéanamh, tá mé ag dul á dhéanamh.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Bhí post agam an samhradh seo i gcoláiste Gaeilge.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

An ceann is fearr sa tír.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Bhí go leor den dream a raibh ina gcúntóirí ag freastal ar an gcoláiste agus an ollscoil. Bhí slua maith acu ag rá go raibh siadsan ag iarraidh fear a fháil, é a phósadh agus bogadh go dtí Conamara le bheith mar mhúinteoir bunscoile. Cheap mé go raibh siad craiceáilte go dtí gur thosaigh mé ag smaoineamh faoi. Má tá mise chun pósadh agus má tá mé chun gasúir a bheith agam, caithfear go mbeadh Gaeilge acu. Deirimse i gcónaí le mo chairde nach mbeadh mise in ann an celebrity sin a phósadh mar ní bheadh mó Dheaid sásta nach bhfuil Gaeilge aige. Tá an Ghaeilge really tábhachtach. Teastaíonn uaim go mbeidh Gaeilge ag mo ghasúir ag fás aníos. Bhí an Ghaeilge i gcónaí ann agus má chaillfimid í, bhuel ní ligfidh mé cead é sin a tharla riamh. Tá sé fíor-thábhachtach domsa go mbeidh mé in ann bogadh ar ais go dtí Conamara, Indreabhán preferably, nuair a fhásaim suas.

Tá ceist dheireanach agam maidir leis na Gaeltachtaí uilig. Luadh Tír Chonaill, Maigh Eo, Ciarraí, Gaillimh agus Corcaigh. Cad mar gheall ar Ráth Chairn, Baile Ghib agus an Rinn? An raibh said páirteach?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Bhí. Sílim go bhfuil an Cathaoirleach ag caint faoi na háiteanna ina raibh na cruinnithe réigiúnacha againn.

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Thriail muid ceann a reachtáil i Ráth Cairn ach, i ndáiríre, níl an oiread sin cumainn, coistí agus eagraíochtaí sna ceantair sin.

Baineann sé sin leis na ceardlanna amháin, an mbaineann?

Ms Máirín Nic Fhionghuin

Ba iad na háiteanna a roghnaíodh do na cruinnithe réigiúnacha. D'fhreagair daoine as na ceantair sin an suirbhé ar líne agus mar sin de. Ní hé go ndearna muid neamhaird dóibh ar fad.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Meabhraím arís nár thug muid aon tús áite d'aon cheantar-----

Tá sin ceart go leor.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

-----ach gur mhaith linn feabhas a chur ar cheantair áirithe seachas ceantair eile.

Ligfidh mé an focal scoir do na daoine óga.

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Sula n-imímid, tá an t-ábhar seo an-tábhachtach ach tá sé tábhachtach freisin daoine dár leithéid a thabhairt isteach sa gcóras pleanála uilig agus dul chun cinn a dhéanamh sa nGaeltacht. Má táimid chun na nGaeltachtaí a leathnú amach, tá sé an-tábhachtach an óige a thabhairt isteach toisc go mbeimid i bhfeighil ar an tír agus ag reachtáil na rudaí sin uilig i gceann deich mbliana nó 20 bliain. Ba mhaith linn féin áiseanna a bheith ann dár gcuid gasúr agus dá ngasúir siúd.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Tá an rud céanna le rá agam. Lá éigin beidh muidne inár suí sna suíocháin sin. B'fhéidir nach mbeidh muid sa jab céanna go beacht. Tá súil agam go mbeidh. Tá sé tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge fós ann agus go mbeidh muid in ann Gaeilge a labhairt nuair a bheimid ansin. Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine ina suí ansin le Gaeilge agus go mbeidh siad ag labhairt tríthi. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh comhráite ann le daoine atá ár n-aois anois, go leanfaimid ar aghaidh ag forbairt na Gaeilge agus ag fáil níos mó áiseanna agus rudaí maithe, agus go mbeidh muid ag cur béime ar tábhacht na Gaeilge don chéad generation eile.

Tá pointe amháin gur mhaith liom a lua.

Dúirt mé go mbeadh an focal scoir ag na daoine óga.

Tá rud amháin gur mhaith liom a lua. Tá cuid againn anseo a bhfuil sé de nós againn anois Gaeilge a labhairt timpeall na Dála. Ba mhaith liom go dtuigfeadh na finnéithe nach rud é just a úsáidimid nuair atá siad ann ach go bhfuil slua daoine sa Dáil a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáththeanga cumarsáide eadrainn fein. Bhí mé féin agus an Teachta Ó Domhnaill ar an gCoiste Talmhaíochta, Bia agus Mara sa Dáil deiridh agus caith muid ár dtréimhse ar an gcoiste ag caint lena chéile i nGaeilge, ní i mBéarla. Tá sé tábhachtach, mar cheapann daoine go mbaineann an Ghaeilge leis an nGaeltacht amháin nó whatever ach tá daoine thuas anseo ag úsáid na Gaeilge mar ghnáththeanga eatarthu féin. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh na finnéithe é sin.

Tá sé ráite ag na daoine óga gur mhaith leo ról lárnach a bheith acu i ngach rud, agus go háirithe i bpleanáil an todhchaí. Aontaím leo, ach tá ról lárnach acu freisin maidir leis an bhfigiúr 18% a ardú. Tá siad ag caint trí Bhéarla freisin lena gcairde, so tá ról lárnach acu freisin. Tá freagracht orthu. Tá freagracht níos tromchúisí orainn, ach tá freagracht orthu freisin. Ar mhaith le na finnéithe óga an focal scoir scoir?

Mr. Dómhnall Ó Braonáin

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Mr. Ó Coisdealbha. Nuair a bhí muid inár suí sa gcaife ansin bhí mé ag breathnú ar an mbuiséad ar an teilifís. D'iarr mé ceist uaidh, an cheap sé go dtiocfaidh an lá go mbeidh an rud sin uilig ag tarlú trí Ghaeilge? Dúirt sé má thagann an lá sin, lá an-tábhachtach a bheidh ann.

Ms Iseult Ní Fhoighil

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht linn.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Níl sé éasca taisteal suas anseo go Baile Átha Cliath agus táimid thar a bheith buíoch dóibh as ucht an tuarascáil seo a chur os ár gcomhair. Beimid ag breathnú ar na moltaí agus beidh moltaí á ndéanamh againn ar an gcoiste seo. Tiocfaidh muid ar ais.

Mr. Seán Ó Coisdealbha

Tá muidne fíor-bhuíoch as an deis seo a fháil. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht fanachta agus as ucht éisteacht linn.

Beidh sos beag againn a fhad is atá an toscaireacht ag fágáil an seomra.

The joint committee suspended at 6.45 p.m., went into private session at 6.47 p.m. and adjourned at 6.50 p.m. until 5 p.m. on Tuesday 7 November 2017.
Top
Share