Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de freisin. Tá ceathrar comhalta i láthair sa seomra coiste nó ar líne agus Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Feicim go bhfuil na Seanadóirí Seán Kyne agus Barry Ward agus an Teachta Fergus O'Dowd ar líne. Tá na Teachtaí Catherine Connolly agus Mairéad Farrell istigh i seomra coiste 4 liom. Beidh seisiún poiblí againn inniu agus tá sé i gceist againn breathnú ar phleanáil teanga laistigh den Ghaeltacht le hionadaithe ó limistéir phleanála teanga i gCiarraí theas, sna Déise, san Eachréidh, in iarthar chathair na Gaillimhe, i Ráth Chairn agus Baile Ghib, agus i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte agam.
Is mian liom dá réir fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile atá ag freastail ar an gcruinniú, roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh agus, dar ndóigh, roimh finnéithe an seisiún seo. Tá an Dr. Victor Bayda, oifigeach pleanála teanga Chiarraí theas, anseo in éineacht leis an gcathaoirleach ar an meitheal pleanála teanga, Mícheál Ó Leidhin. Tá oifigeach pleanála teanga Chomhlucht Forbartha na nDéise, Tomás Ó hÓgáin anseo, in éineacht leis an mbainisteoir forbartha agus an rúnaí bhord ar an eagraíocht chéanna, Cabríní de Barra agus Máire Seó Breathnach. Tá an t-oifigeach pleanála teanga Ciarán Ó Tiarnaigh anseo mar ionadaí thar cheann an Eachréidh. Tá oifigeach pleanála teanga an Bhruaigh Thoir, Micheál Mac Aoidh, anseo in éineacht leis an gcathaoirleach ar choiste pleanála teanga an bhruaigh thoir, Pádraig Ó Fathaigh, agus ball den bhord stiúrtha den choiste céanna, Joe Kavanagh. Mar ionadaí thar cheann iarthar chathair na Gaillimhe tá an t-oifigeach pleanála teanga, Ursula Ní Shionnain, anseo in éineacht le ball den choiste pleanála teanga, Úna Ní Fhaircheallaigh. Tá an t-oifigeach pleanála teanga Stiofán Seoighe anseo thar ceann Dhúiche Sheoighe agus Thuair Mhic Éadaigh.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula bhogaim ar aghaidh leis na rialacha don seisiún seo a lua, feicim go bhfuil an Teachta Pádraig Ó Súilleabháin tar éis teacht isteach ar líne chomh maith. Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar phleanáil teanga laistigh den Ghaeltacht, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leagadh faoi bhráid na comhaltaí, na baill foirne agus na finnéithe atá ag freastal ar gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóirtheachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag labhairt linn. Baineann an choinníoll seo lies na finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.
Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach má eisítear ordú dá leithéid go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. Agus na rialacha ar fad léite agus pléite, glacaim leis go bhfuil siad aontaithe. Is féidir linn anois tús a chur leis an gcruinniú i gceart. Ar dtús báire iarraim ar an Dr. Victor Bayda a ráiteas tosaigh a thabhairt thar ceann Chiarraí theas.