Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Written Answers. - Seirbhísí Stáit Trí Ghaeilge.

Pat Cox

Question:

32 D'fhiafraigh Mr. Cox den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé hiad na céimeanna a thógfaidh sé chun a chinntiú go mbeidh saoránaigh in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge le gach Roinn Stáit; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh.

Trevor Sargent

Question:

74 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na Ranna éagsúla sa Státseirbhís atá in ann seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt don phobal.

Robert Molloy

Question:

93 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas ar pholasaí an Rialtais i dtaobh fhorbairt an dátheangachais sa Stát.

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 32 agus Ceisteanna Scríofa Uimh. 74 agus 93 le chéile.

Aithním go bhfuil gá le feabhas nach beag a chur ar an bhfáil atá ag an bpobal ar sheirbhisí Stáit trí Ghaeilge agus tá céimeanna glactha agam cheana féin chun na críche sin.

Tá polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge leagtha síos sa Chlár le haghaidh rialtais Chomhpháirtíochta. Tá borradh úrnua á thabhairt don teanga agus chuige sin tá glactha leis gur gá go mbeidh an Stát chun tosaigh i leathnú an dátheangachais agus go háirithe in úsáid na Gaeilge a mhéadú.

Tá cláracha oibre le tarraingt suas agus le cur i gcrích ag gach eagras Stáit faoin bpolasaí seo agus tá tairiscint seirbhísí go dátheangach don phobal mar ghné bhunúsach den chur chuige. Coimeádfar feidhmiú an pholasaí faoi bhreithniú. Tá na céimeanna seo a leanas glactha cheana féin:

— Scríobh mé chuig an Taoiseach agus gach Aire an mhí seo caite chun an próiséas pleanála a chur ar siúl, agus chun scrudú a thionscnamh ar chumas gach eagrais Stáit feidhmiú go dátheangach. Nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe, beidh sé mar bhonn do na liostaí seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge agus go dátheangach agus atá le cur le chéile i mbliana ag gach Aire.
— Tá sé socruithe go mbeidh Bord na Gaeilge, i gcomhar le mo Roinn féin, ag plé leis na feidhmeanna comhairle, teagmhála, tuairisciú agus measúnú a thiocfaidh i gceist.
— Toisc a thábhachaí is atá sé go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil gan stró do phobal na Gaeltachta, tá treoracha faoin ngné ar leith sin faomhaithe agam agus eis-ithe chuig gach aonad san earnáil phoiblí atá ag plé leis an bpobal sin.
— Tá treoirlínte don earnáil phoiblí i gcoitinne á réiteach anois mar bhunús dá gcláracha oibre agus eiseofar iad go han-luath.
Beidh cúram á dhéanamh de Ghaeilge i réimsí eile de pholasaí an Stáit ar nós an Oideachais, forbairt na hEalaíona, réimse na hOidhreachta agus go háirithe i gcúrsaí Chraolacháin le bunú seirbhís teilfíse trí Ghaeilge.
Top
Share