Tá téarmaí tagartha don choiste atá á bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar fhorbairt san oideachas don tríú leibhéal réidh anois agus beidh siad á bhfoilsiú go luath. Tá na téarmaí seo an-leathan agus déanfar mionscrúdú ar an chóras tríú leibhéil go léir. Ní bheidh tagairt sonrach do chur ar fáil ábhar nó cúrsaí ar leith. Beidh fhios ag an Teachta, áfach, go bhfuil freagracht reachtúil ar An Údarás um Ard Oideachas i leith cur chun cinn na Gaeilge sa tríú leibhéal. Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil go bhfuil socruithe déanta cúrsa céime trí Ghaeilge a thosú in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 1994-95. Freisin, beidh fhios ag an Teachta gur cuireadh foráil shonrach i leith forbairt na Gaeilge sna coláistí teicneolaíochta sa reachtaíocht faoi na Coláistí Réigiúnacha agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a ritheadh i 1992.