: Bíonn mo Roinn sásta aitheantas a thabhairt do scoil nua lánGhaeilge nuair a theastaíonn ó thuismitheoirí go bhfaigheadh a gcuid páistí oideachas trí Ghaeilge, nuair a chuirtear tairiscint réasúnta faoi bhráid le scoil nua a bhunú, nuair nach mbíonn scoil lánGhaeilge cheana féin san aichearracht agus nuair is dóigh go bhfreastalódh dóthain páistí ar an scoil.
Aitheantas coinníollach amháin a thugtar do scoil nua lánGhaeilge i dtús báire go dtí go mbítear sásta go n-éireóidh léi. Le linn na tréimhse sin, a mhaireann roinnt bhlianta, is cúram é d'údaráis na scoile cóiríocht shealadach a chur ar fáil. Bíonn mo Roinn sásta deontas a íoc i leith costais cíosa, áfach.
Féachtar le cóiríocht bhuan a chur ar fáil do scoil lánGhaeilge a luaithe is a thugtar aitheantas seasmhach di. Anois go bhfuil líon na bpáistí sna bunscoileanna ag titim agus seomraí agu fiú scoileanna follamh, féachtar, mar chéad rogha, le cóiríocht fhollamh a fháil agus a chur in oiriúint don scoil lánGhaeilge. Mura n-éiríonn leis sin, cuirtear scoil nua ar fáil. Toisc go bhfuil teorainn leis an gcaipiteal atá ar fáil do na scoileanna, caithfear tionscnaimh tógála a bhaineann le scoileanna lánGhaeilge a mheas agus a chur in ord tosaíochta i dteannta tionscnaimh tógála sna bunscoileanna go léir.