Tá socraithe agam go gcuirfear liosta chuig an Teachta de na bailte fearainn go léir sna toghranna ceantair i gContae Mhaigh Eo atá laistigh de na limistéir Gaeltachta, faoi mar a shonraítear iad in Orduithe na Limistéar Ghaeltachta, 1956 go 1982. Tá iarratasóirí cáilithe sna limistéir sin i dteideal deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach nua a thógáil.
Cuirfear liosta chuig an Teachta freisin de na bailte fearainn ar fad sna toghranna Ceantair i gContae Mhaigh Eo a áirítear mar Ghaeltacht chun críche Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929, amháin. Bíonn deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach nua a thógáil ar fáil d'iarratasóir cáilithe sna limistéir sin a chónaíonn i seanteach atá neamhoiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil a thabahirt dó-di féin agus dá c(h)úram agus a bhfuil i gceist aige-aici an teach nua a thógáil in ionad an tseantí sin.