Is ceist do RTE é seo go príomha. Tá a fhios ag Teachtaí, ní foláir, gur tugadh freagracht do RTÉ an bunstructúr teicniúil a thogáil chun Teilifís na Gaeilge a chur ar bun mar sheirbhís náisiúnta ar leith. Is é mo thuiscint anois go mbeidh Teilifís na Gaeilge ar fáil do idir 85 faoin gcéad agus 90 faoin gcéad den daonra ón tús. Oibreoidh an gréasán craolta atá á thogáil don staisiún nua ar mhinicíocht, atá á chur ar fáil ag an Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide, ar an mbanna craolta UHF ón speictream craolta atá curtha ar fáil d'Éireann faoi chonarthaí idirnáisiúnta.
Tuigim ó RTÉ go mbeidh gá le haeróg UHF a fháil i gcásanna áirithe ina bhfaigheann daoine seirbhisí RTÉ ar VHF má theastaíonn uathu craolacháin Theilifís na Gaeilge a fháil. Sin mar a bhí an scéal freisin i gcás iad siúd a bhí ag iarradh craolacháin níos fearr a fháil ó RTE le deich mbliana anuas. Níl aon phleananna ann, faoi láthair, chun costas ceannaithe aeróga UHF a fhoir-dheonú.