Éamon Ó Cuív
Question:96 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén uair a aistreofar cainteoir ó dhúchas Gaeilge (sonraí tugtha) ó Chontae na Gaillimhe atá in Áras Naomh Breandáin, Baile Locha Riach, go hOspidéal Pháirc Mheirlinne, áit a mbeidh sé i bhfad níos cóngaraí dá mhuintir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12260/97]