D'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, ag cruinniú i dtaca leis an bhForas Teanga i mBaile Átha Cliath ar 5 Nollaig 2000, leis na moltaí a chuir Foras na Gaeilge faoina bráid maidir le foclóir Béarla-Gaeilge a chur ar fáil. Is foclóir nua-aoiseach, údarásach ar ardchaighdeán de thart ar 50,000 ceannfhocal agus 250,000 abairtí samplacha i bhfoirm chlóite agus i bhfoirm leic treonach atá i gceist a chur ar fáil i gcomhpháirt le comhlachtaí eile. Meastar go gcosnóidh an tionscnamh, a thógfaidh tréimhse cúig bhliain nó mar sin, thart ar £3.1 milliúin i bpraghasanna an lae inniu. Beartaíodh ar thionscadal an fhoclóra Béarla-Gaeilge toisc go bhfuil glactha leis go forleathan gurb é sin an riachtanas foclóireachta Gaeilge is práiní atá ann.
Maidir le foclóir Gaeilge-Béarla, tuigtear dom ón bhforas go gcuirfear tús le foclóir nua den chineál sin a luaithe a bheidh an foclóir BéarlaGaeilge curtha i gcrích. Ar ndóigh tá gá le cineálacha éagsúla foclóirí Gaeilge a chur ar fáil le freastal ar riachtanais iomadúla an phobail. Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar an riachtanas sin in am agus i dtráth de réir mar a bheidh acmhainní aige chuige.
Question No. 23 answered with Question No. 15.