De réir Bhuan-Ordaithe 101, seolfar an teachtaireacht a leanas chuig Cléireach na Dála:
Tá Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tar éis a bhreithniú ar an Meastachán Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí le haghaidh na bliana dár gcríoch 31 Nollaig 2024 a chríochnú: Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, clár C, an Ghaeltacht.