Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 June 2011

Wednesday, 22 June 2011

Questions (38, 39)

Question:

35 D’fhiafraigh Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin méid oibre atá déanta ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12965/11]

View answer

Éamon Ó Cuív

Question:

56 D’fhiafraigh Eamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin méid oibre atá déanta ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12965/11]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna 35 agus 56 le chéile.

Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, ta dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar thoradh ar an gcruinniú Rialtas ar 31 Bealtaine 2011, tá cinntí polasaí críochnúla tógtha maidir leis

an sainmhíniú nua ar an nGaeltacht, a bheith bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha; agus

na struchtúir fhorfheidhmithe a chuirfear i bhfeidhm faoin Straitúis.

Cuirfear na cinntí seo san áireamh i mBille Gaeltachta agus táthar ag súil go bhfoilseofar an Bille a luaithe agus is féidir, ag brath ar amchlár reachtaíochta an Rialtais.

Chomh fada is a bhaineann le forfheidhmiú na Straitéise tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go mbeidh an cur chuige a leanas ann:

Fanfaidh an lár-fhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon, ar mo Roinn féin.

Leanfaidh Foras na Gaeilge ag feidhmiú mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas.

Beidh mo Roinnse, i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit, freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise lasmuigh den Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den Straitéis ar bhonn comhaontaithe.

Beidh Údarás na Gaeltachta freagrach as cur i bhfeidhm na Straitéise laistigh den Ghaeltacht.

Mar sin, tá i gceist go leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna go ginearálta, an fheidhm fhiontraíochta san áireamh. Mar aitheantas ar na laincisí buiséid faoina gcaithfidh Ranna Rialtais agus eagrais Stáit feidhmiú san am i láthair, an tÚdarás san áireamh, déanfar foráil reachtúil faoin mBille Gaeltachta chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid achmainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith. Ar mhaithe le cur chuige níos comhtháite a chinntiú, déanfar meicníocht a fhorbairt le féachaint chuige go mbeidh comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann/IDA, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu.

Chomh maith leis an méid seo ar fad, tá cinneadh tógtha líon na gcomhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta a laghdú go suntasach agus deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin. Tá sé i gceist go dtiocfar ar mheicníocht faoin mBille Gaeltachta le gur féidir comhaltaí ó údaráis áitiúla a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram a ainmniú ar Bhord an Údaráis. I dteannta leis sin, meastar go mbeidh comhaltaí eile le hainmniú ag an Aire, mar thoradh, inter alia, ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an Údaráis.

Is léir, mar sin, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuil aghaidh á thabhairt ar na céimeanna is gá a thógáil chun an Straitéis a chur chun cinn laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil san cúinsí eacnamaíochta reatha.

Top
Share