Skip to main content
Normal View

Polasaí Oileánda

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 8 November 2011

Tuesday, 8 November 2011

Questions (287)

Éamon Ó Cuív

Question:

297 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil freagracht aige as polasaí oileánda; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33127/11]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil na feidhmeanna a bhíodh lonnaithe sa Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, mar a bhí, maidir leis na hoileáin amach ón gcósta tarmligthe chugamsa, mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Top
Share