Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 November 2011

Thursday, 24 November 2011

Questions (4)

Question:

4 D’fhiafraigh Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an gcinneadh deireidh a chur le toghchán d’Udarás na Gaeltachta; an gceapann sé go bhfuil sé ceart go mbeidh polaiteoirí ag toghadh an Údaráis; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36916/11]

View answer

Oral answers (7 contributions)

Thóg an Rialtas cinntí sonracha polasaí ar an 31 Bealtaine 2011 maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear cinntí chun bord an Údaráis a laghdú go substaintiúil agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis. Tá na dréacht-chinn den mBille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus táthar ag súil na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá an Bille Gaeltachta le foilsiú in 2012, de réir chlár reachtaíochta an Rialtais.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfear an ghné dhaonlathach mar thoradh ar na cinntí atá tógtha i gcás bhord an Údaráis. Dá bhrí sin, tá súil agam — faoi réir chinneadh an Rialtais ar ball — go mbeifear in ann teacht ar mheicníocht oiriúnach chuige sin faoin mBille Gaeltachta. Cur chuige amháin, mar shampla, ná go bhféadfaí foráil a dhéanamh chun a chumasú d'údaráis áitiúla, a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, líon áirithe comhaltaí a chur faoi bhráid an Aire le hainmniú do bhord an Údaráis. Ar ndóigh, tá slite eile go bhféadfaí a thabhairt faoin gceist sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh an tAire roinnt comhaltaí eile a ainmniú mar thoradh ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an Údaráis.

Níl mé sásta go mb'fhéidir go mbeadh baint ag polaiteoirí nó comhairle contae le hainmniúchán don Údarás. Caithfidh mé an cheist a chur arís: Cad atá ag tarlú i dtaobh na toghcháin agus faoi reachtaíocht? Labhair an tAire Stáit faoi reachtaíocht i dtaobh an choimisinéara teanga. An mbeidh sé ag tabhairt reachtaíochta isteach sa Dáil chun deireadh a chur le bord an Údaráis nó an rachaidh na toghcháin ar aghaidh muna dtagann reachtaíocht isteach sa Dáil?

Beidh reachtaíocht i gceist. Mar a luaigh mé, tá Bille na Gaeilge á ullmhú i láthair na huaire. Tá cinn an Bhille sin réidh le dul faoi bhráid an Rialtais agus tá sé ráite i gclár reachtaíochta an Rialtais go mbeidh an Bille sin ag teacht isteach an bhliain seo chugainn, 2012. Mar atá bord an Údaráis faoi láthair, tá 20 duine ar an mbord agus tá síneadh tugtha dóibh. Beidh an téarma sin ag teacht chun críche ar 1 Deireadh Fómhair 2012, beagnach bliain amháin eile.

Tá lúcháir orm seasamh leis an bhfógra a rinne muid i mí Bealtaine go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann agus go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag an Údarás, rud atá an-tábhachtach don Ghaeltacht ar fad. Beidh baill ar bhord Údarás na Gaeltachta, ach ní bheidh an bord chomh mór agus a bhí. B'fhéidir go mbeidh deichniúr air nó dáréag ar a mhéad. Mhínigh mé go gcaithfidh muid amharc i ndiaidh an daonlathais chomh maith. Ar ndóigh, ceann de na fáthanna nach bhfuil an toghchán ag dul ar aghaidh ná go bhfuil géarchéim eacnamaíochta againn. Sábhálfaidh muid leath bhilliún, €500,000, ar thoghchán agus is airgead suntasach é sin sa saol atá againn anois. Mar sin, beidh Údarás na Gaeltachta ann, beidh bord ann, beidh fiontraíocht tionscalaíochta ag an mbord agus beidh freagracht ar an mbord chomh maith maidir le cur chun cinn straitéis na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta. Mar sin, sílim go bhfuil todhchaí maith ag Údarás na Gaeltachta. Sílim freisin go bhfuil baill an údaráis sásta go leor leis an gcinneadh atá déanta go dtí seo ag Rialtas.

Beidh údarás ann, ach ní bheidh sé daonlathach agus ní fheicim go mbeidh freagracht aige. Céard faoi chúrsaí fionntraíochta agus cúrsaí gnó? An dtabharfaidh an Roinn airgead don údarás go dtí go dtiocfaidh na hathruithe seo i bhfeidhm?

Maidir le acmhainní nó caiteachas caipitil, tá sé sin á phlé, mar is eol don Teachta, i láthair na huaire ag an Rialtas leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ach tá mise dóchasach. Anuraidh, bhí €6 mhilliún de dheontas caipitil ag Údarás na Gaeltachta agus cúpla bliain roimhe sin €26 milliún acu. Bhí titim tubaisteach ann ó €26 milliún go dtí €6 mhilliún. Mar sin, mar a dúradh faoin Údarás anuraidh, tá sé ag déanamh obair mhaith leis na hacmhainní teoranta atá aige. Táimid ag déanamh ár ndícheall, oiread agus is féidir linn deontas caipitil agus deontas reachtála a fháil don Údarás chun cumas a thabhairt dóibh dul ar aghaidh leis an obair atá á dhéanamh acu le tamall anuas.

Sin ráite, caithfidh muid na deacrachtaí airgid agus eacnamaíochta atá againn a chur san áireamh. Ní thig linn iad a ligean i ndearmad. An príomh rud ná go bhfuil an t-Údarás ag fanacht agus go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta, fostaíochta agus tionscalaíochta aige. Sin céim chinnte. Nuair a tháinig mise isteach san oifig seo, ní raibh mé cinnte an mbeadh Údarás na Gaeltachta ann, mar bhí an deontas ag dul ó €26 milliún go dtí €6 mhilliún. Má íslíonn sé mórán níos faide, ní bheidh an t-Údarás ann.

Tá mé dóchasach go mbeimid ábalta é sin a chaomhnú, más féidir liom é a chur mar sin.

Níl an daonlathas ann.

Thug mé freagra air sin chomh maith ins an chéad fhreagra.

Top
Share