Skip to main content
Normal View

Foireann Seirbhíse Sláinte

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 October 2012

Wednesday, 3 October 2012

Questions (199)

Éamon Ó Cuív

Question:

199. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte cén fáth go bhfuil cúig leaba fholmha in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, Contae na Gaillimhe agus liosta fada feithimh ann de dhaoine ag fanacht le leaba sa teach altranais; an bhfuil sé i gceist aige foireann bhreise a chur ar fáil d’Áras Mhic Dara; cén uair a bheidh an fhoireann bhreise seo ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42165/12]

View answer

Written answers

Ó tharla gur ábhar é seo a bhaineann le seirbhísí, cuireadh é faoi bhráid Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le haghaidh freagra díreach.

Top
Share