Ní bhailíonn Cultúr Éireann sonraí faoi láthair maidir le figiúirí maoinithe do na healaíontóirí sin a oibríonn trí mheán na Gaeilge amháin ach tugann siad tacaíocht dóibh siúd a oibríonn trí mheán na Gaeilge ó bunaíodh é in 2005.
Ina straitéis is déanaí (2022 – 2025), thug Cultúr Éireann gealltanas dul sa tóir ar líon méadaithe ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Agus é sin san áireamh, rinne Foras na Gaeilge agus Ealaíon na Gaeltachta plé faoi mhéadú feasachta ar thacaíocht Chultúr Éireann i measc ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge.
Ina theannta sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag Cultúr Éireann ar a phróisis faoi láthair chun bailiú sonraí agus measúnuithe níos éifeachtaí a chinntiú dóibh siúd a oibríonn trí Ghaeilge.
I measc na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann a bhaineann le healaíontóirí a oibríonn trí Ghaeilge in 2022/2023 tá:
- Manchán Magan ar chamchuairt mhór sna Stáit Aontaithe ar Ionaid Chultúrtha na hÉireann, ag léiriú ‘Arán agus Im’. Márta - Bealtaine 2022 (Deontas: €45,000)
- Léiriú ‘Ar Ais Arís’ in Brú Theatre ag an 4ú Space Gallery, Montreal, Ceanada. Márta 2023 (Deontas: €5,000)
- Foilsitheoir Gaeilge Futa Fata ag glacadh páirte ag seastán na hÉireann ag Aonach Leabhar Leanaí Bologna. Bealtaine 2022 (Deontas: €1,200)
- Annemarie Ní Churreáin ag glacadh páirt sa 7ú Féile Ealaíne & Litríochta in Odisha, India. Samhain 2022. (Deontas: €1,000)
- Doireann Ní Ghríofa, ag glacadh páirt sa 22ú Féile Idirnáisiúnta Litríochta i mBeirlín, sa Ghearmáin. Meán Fómhair 2022 (Deontas: €700)
- Aifric Mac Aodha ag glacadh páirte i bhFéile na Laethanta Filíochta agus Fíona 2022, i Ptuj, Selce agus Križevci pri Ljutomeru, sa tSlóivéin. Lúnasa 2022 (Deontas: €1,000)
- Lorcán Mac Mathúna ag léiriú mar chuid de ‘The Real Merlin’, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Feabhra - Deireadh Fómhair 2023 (Deontas: €4,000)