Éamon Ó Cuív
Question:214. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil sé i gceist aige an comhartha talún “Toit Chonáin” (GA091-012), a théann i bhfad siar sa stair (8,000 bliain), i gCaorán na gCearc, Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, a shainainmniú ina Shéadchomhartha Náisiúnta agus na cosaintí iomchuí a thabhairt dó dá réir, chun é a chosaint ó chreimeadh cósta agus oibriú farraige; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14384/23]
View answer