Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 April 2023

Wednesday, 26 April 2023

Questions (99)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

99. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist aici go reáchtálfar toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta go comhuaineach le toghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana 2024. [19694/23]

View answer

Written answers

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta, ach an reachtaíocht chuí a bheith achtaithe, go mbeadh sé beartaithe go reáchtálfaí toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta go comhuaineach le toghcháin áitiúla agus Eorpacha na bliana 2024.

Top
Share