Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (109)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

109. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas a dhéantar maoiniú ar an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS), agus cé mhéad maoiniú a caitheadh ar ÁIS in aghaidh gach bliana ó 1980. [24687/23]

View answer

Written answers

Is cuid d'Fhoras na Gaeilge í ÁIS (Áisíneacht Dáileacháin Leabhar) a chuireann seirbhís leanúnach ar fáil le soláthar cuí leabhar a chur ar fáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Íoctar foireann agus costais reatha ÁIS (cíos, teas, leictreachas &rl.) as ollbhuiséad Fhorais na Gaeilge.  Fágann sin nach gcuirtear aon mhaoiniú ar leith eile ar fáil do ghníomhaíochtaí ÁIS.  Seachas sin, déantar ÁIS a reáchtáil ar bhonn tráchtála agus déantar aon teacht isteach atá ag ÁIS a dháileadh mar chuid d’ollbhuiséad Fhorais na Gaeilge.

Má tá aon cheist ar leith ag an Teachta maidir le himeachtaí ÁIS, moltar dó teagmháil díreach a dhéanamh le Foras na Gaeilge.

Top
Share