Skip to main content
Normal View

Forbairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 June 2023

Tuesday, 13 June 2023

Questions (1081)

Kathleen Funchion

Question:

1081. D'fhiafraigh Deputy Kathleen Funchion den Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir leis an 'Little Baby Bundle' atá le dáileadh ag do Roinn ar 500 tuismitheoir nua ó Mhí Feabhra 2023 ar aghaidh le tacú leo agus a leanbh tagtha ar an saol: cé gur fógraíodh go mbeadh leabhair faoi leanaí agus bileoga faisnéise faoi chúrsaí sláinte ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge sna pacáistí, an bhféadfadh an tAire a dheimhniú an mbeidh aon ábhar ar fáil iontu a chabhródh le tuismitheoirí nó a thabharfadh spreagadh dóibh Gaeilge a úsáid lena bpáistí; murab amhlaidh an cás faoi láthair, an féidir leis an Aire a chinntiú go mbeidh a leithéid de leabhair/de bhileoga ar fáil ina mbeidh faisnéis faoin gcineál cuir chuige ba cheart a bheith ag tuismitheoirí agus iad ag tosú amach leis an nGaeilge a úsáid leis an leanbh nuabheirthe, faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas don leanbh, agus faoi na Naíonraí/Gaelscoileanna atá sa limistéar, mar shampla, curtha san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28073/23]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn ag obair le comhpháirtí taighde neamhspleách chun meastóireacht a dhéanamh ar an scéim phíolótach agus chun dul i gcomhairle le teaghlaigh rannpháirteacha, le príomhpháirtithe leasmhara, agus leis an bpobal i gcoitinne chun nithe agus acmhainní breise a shainaithint le cur san áireamh mar chuid de chur i bhfeidhm náisiúnta a d’fheadfadh a bheith ann. Níl aon ábhar san áireamh faoi láthair ar Gaeilge ná ar eolas ar aon chineál cúraim leanaí i gceantar áitiúil an fhaighteora.

Tá an scéim An Leabharlann Bheag— comhthionscadal de chuid ‘Buindilín Beag don Bhabaí’— ag baint triail as físeáin YouTube ina bhfuil leabhar á léamh do pháistí i nGaeilge mar bhealach chun cuidiú agus spreagadh a thabhairt do thuismitheoirí an Ghaeilge a léamh lena bpáistí. Tá súil ag mo Roinnse na rudaí atá foghlamtha ón scéim An Leabharlann Bheag a thabhairt faoi deara in aon chur i bhfeidhm den Buindilín Beag don Bhabaí amach anseo.

Chomh maith le leabhair do pháistí agus eolas sláinte i nGaeilge, cuimsíonn an Buindilín reatha píosaí cultúrtha Éireannacha, lena n-áirítear dán Éireannach ó Áine Ní Ghlinn, iar-Laureate na nÓg, agus cárta poist le cód QR, nasctha le suantraí arna léiriú ag Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta na hÉireann.

Top
Share