Mar is eol don Teachta, is iad Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as obair chothabhála agus forbartha ar na hOileáin Árainn. Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh ó mo Roinn agus Comhairle Contae na Gaillimhe chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i bhforbairt na gcéanna ar na hoileáin, an Caladh Mór ar Inis Meáin san áireamh. Reáchtáladh an cruinniú is deireanaí ar an 27ú Meitheamh.
Tá straitéis meastachán agus cás gnó dhá ullmhú ag Comhairle Contae na Gaillimhe de réir an Cód Caiteachais Phoiblí. Beidh sé seo bunaithe ar thorthaí ón ionsamhlúchán digiteach a rinne an NMCI agus na staidéir mara agus comhshaoil atá déanta i mbéal an chuan mar aon leis na roghanna forbartha éagsúla.
Cuirfear an cás gnó agus straitéis meastachán faoi bhráid na Roinne nuair atá sé curtha i gcrích ag Comhairle Contae na Gaillimhe, agus déanfar athbhreithniú air ag an tráth sin de réir an Cód Caiteachais Phoiblí.