Skip to main content
Normal View

Straitéisí Ranna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 July 2023

Wednesday, 12 July 2023

Questions (135)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

135. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil a Roinn tar éis aon iarrachtaí a dhéanamh dul i dteagmháil le Siamsa Tíre chun a chinntiú nach bhfuil deireadh curtha le taispeántais agus léirithe nach dtuilleann brabús, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an nGaeilge; an aithníonn sí go bhfuil géarchéim sna daonthaibhealaíne; agus cén dáta faoina bhfoilseoidh sí an Straitéis do na hEalaíne Teangabhunaithe. [34780/23]

View answer

Written answers

Cosúil le neart áiseanna ealaíon agus cultúrtha eile, bhí dúshláin le sárú ag Siamsa Tíre ag teacht as an bpaindéim. Cé nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire maidir le cinntí eagraíochtaí neamhspleácha ar nós na hamharclainne atá i gceist, tá oifigigh i mo Roinn i dteagmháil le Siamsa Tíre i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus Comhairle Contae Chiarraí ar na dúshláin seo. Tuigeann mo Roinn go bhfuil Bord Siamsa Tíre ag déanamh na mbeart a mheasann sé a bheith cuí chun todhchaí fadtéarmach an ionaid ríthábhachtach ealaíon agus chultúir seo a chinntiú, agus go bhfuil Siamsa ag iarraidh a chinntiú go bhfuil a chuid clár oiriúnach don lucht féachana comhaimseartha agus onóir a thabhairt dár gcultúr, traidisiúin agus oidhreacht ag an am céanna. Is ábhar misnigh é go bhfuil an t-ionad fós ar oscailt do ghnó agus go leanann sé de bheith ina mhol cultúrtha pobail ina mbíonn raon leathan de thaispeántais agus de thaibhithe trasna na n-amharcealaíon, na n-ealaíon traidisiúnta, an amharclann, an cheoil agus an rince ar siúl ann.

Ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca breise d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2023 lena mbaineann, rinne mo Roinn, i gcomhar le hÉire Ildánach, taighde a choimisiúnú faoin ábhar in 2018. Is é Ollscoil Luimnigh a ceapadh don chúram le maoiniú ón Roinn agus Éire Ildánach.

Ag eascair ón taighde sin, tá an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe ar tí a bheith réidh le foilsiú faoi láthair. Chun tacú le dlús a chur le feidhmiú príomh-mholtaí na straitéise, tá cistíocht faoi leith aitheanta agus curtha go leataobh ina leith i mbuiséad 2023.

Comhthreomhar leis seo uile, cuirtear maoiniú faoi leith ar fáil ar bhonn leanúnach chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon teangabhunaithe mar thaca don phróiseas pleanála teanga. I measc na n-eagraíochtaí a gcuirtear an maoiniú seo ar fáil dóibh chun tacú lena gcláir oibre a mbíonn baint dhíreach nó tánaisteach aige leis na healaíona, tá Ealaín na Gaeltachta, An Cumann Scoldrámaíochta, an tOireachtas, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus An Taibhdhearc.

Top
Share