Is é an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, trí mheán na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnas Tiomána, atá freagrach as ceadúnú tiomána.
Tuigtear dom go bhfuil sé leagtha amach i gconradh oifig thosaigh na Seirbhíse go mbeadh teacht ag an bpobal ar sheirbhísí trí Bhéarla nó trí Ghaeilge, scríobhtha agus labhartha araon.
Chomh maith le sin, tugtar freagra Gaeilge ar cheist Gaeilge ar bith a chuirtear ar an gcúloifig, agus déantar iarratais Gaeilge ag an oifig thosaigh, nó iarratais phoist sa Ghaeilge, a phróiseáil trí Ghaeilge. Tá chuile foirm iarratais ar fáil trí mheán na Gaeilge ar suíomh idirlíon na Seirbhíse.
Cé go bhfuil foirmeacha iarratais Gaeilge don cheadúnas tiomána agus don cheadúnas foghlaimeora ar fáil ar líne ar féidir a íoslódáil agus a phriontáil, ní féidir iarratas ar líne a dhéanamh trí Ghaeilge faoi láthair na huaire.
B’éigean tús sciopaidh a chuir leis an bpróiséas iarratas ar líne le linn na paindéime agus ní raibh sé indéanta ag am an seirbhís céanna a chuir ar fáil trí Ghaeilge Beidh mo chuid oifigigh ag casadh leis an tÚdarás chun féidearthacht a léithéid de sheirbhís a phlé.