Cuireann mo Roinn tacaíocht ar fáil cheana féin do roinnt coláistí atá ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht - Coláiste Gleann Maghair agus Coláiste na bhFiann i nDrom Rí san áireamh, mar shampla. Faoi scéim reatha na Roinne, íoctar €7 in aghaidh na hoíche i leith gach dalta a dhéanann freastal ar na coláistí seo.
Le bliain anuas tá céimeanna glactha i dtaobh tacú le Scéim na bhFoghlaimeoirí atá dírithe ar fhás agus ar fhorbairt na h-éarnála:
• Ardaíodh fá fiche fán gcéad (20%) an deontas a íoctar le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne ó deich euro (€10) go dó dhéag euro (€12). Faigheann teaghlaigh íocaíocht laethúil ó choláistí chomh maith le fóirdheontas laethúil €12 na Roinne.
• Ardaíodh an deontas tosaithe do theaghlaigh nua ó dhá mhíle euro (€2,000) go dtí sé mhíle euro (€6,000). Is ardú ionann le trí chéad fán gcéad (300%) é seo. Leathnaíodh na hearrí a ceadaíodh faoin deontas freisin chun bunchleapacha agus tochtanna a chlúdach.
• Ardaíodh uaslíon na scoláirí ar iostas a bhí ceadaithe ó dháréag go seisear déag.
• Ardaíodh go suntasach an ciste atá ar fáil faoin tionscnamh DEIS Gaeltachta chun deiseanna breise a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.
• Ina theannta sin, cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do scéim ÁRAINN Gaeltachta a thugann deis do dhaltaí iar-bhunscoile ar fud na hÉireann bliain scoile iomlán a chaitheamh ag freastal ar mheánscoil ar cheann d’Oileáin Árann. Cuirtear breis is €150,000 ar fáil gach bliain chun tacú le suas le 30 dalta iar-bhunscoile.
Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.