Skip to main content
Normal View

Níl an Comhchosite cinnte go bhfuil fáil ag na ceantair bheaga Gaeltachta ar an tacaíocht atá de dhíth orthu

7 May 2024, 16:30

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 8 Bealtaine, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘Pleanáil Teanga laistigh den Ghaeltacht’.  

Tá an Comhchoiste tar éis cuireadh a thabhairt d’ionadaithe thar ceann na Limistéar Pleanála Teanga seo a leanas chun teacht os comhair an Chomhchoiste agus an t-ábhar seo a phlé leis: Oirthear Chathair na Gaillimhe, Ciarraí Theas, na Déise, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh chomh maith le Ráth Chairn agus Bhaile Ghib. 

Tionólfar an cruinniú Dé Céadaoin ag 13:30 go 16:30 i Seomra Coiste 4, TL2000, Teach Laighean. 

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Aithníonn an Comhchoiste an tsárobair atá ar bun sna ceantair Ghaeltachta agus an tábhacht a bhaineann leis, go mórmhór i gcomhthéacs an bhrú a chuirtear ar cheantair bheaga Gaeltachta agus na dúshláin laethúla atá roimh na ceantair chéanna.” 

“Níl an Comhchoiste cinnte go bhfuil fáil ag na ceantair Ghaeltachta seo ar an tacaíocht chuí atá ag teastáil uathu. Is mian leis an gComhchosite, mar sin, an deis a thabhairt dóibh amárach a chur in iúl dúinn céard go díreach atá de dhíth orthu agus conas is féidir leis an Rialtas i bhfad níos mó tacaíochta agus cúnaimh a thabhairt dóibh chun an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga phobail i gceantair féin.” 

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. 

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Sheomra Coiste 4 ar Oireachtas TV

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fónchliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android. 

Media enquiries

Robert Kennedy-Cochrane
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2

+353 (0)1 618 4149
+353 (0) 85 8707436

robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Top
Share