Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ráiteas ar Inrochtaineacht

Ráiteas ar inrochtaineacht don suíomh gréasáin

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

Baineann an ráiteas seo ar inrochtaineacht le www.oireachtas.ie.

  • Tá barr feabhais curtha againn ar ár leathanaigh ghréasáin lena léamh ar an scáileán. Chun féachaint ar leagan simplithe den suíomh gréasáin, a bheidh áisiúil chun píosaí móra téacs a léamh, cliceáil Amharc don léitheoir ag barr aon leathanaigh.
  • Táimid tiomanta eolas a fhoilsiú go hoscailte mar HTML ar ár suíomh gréasáin ach foilsítear roinnt PDFanna gach lá suí fós. Nuair a fhoilsímid PDFanna bíonn sé d’aidhm againn a chinntiú go bhfuil ardchaighdeán inrochtaineachta i gceist leo.
  • Cuirimid ateangaireacht Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) ar fáil le haghaidh téacs an tsuímh gréasáin ar tuairim is 30 leathanach ábhair seasta ar ár suíomh gréasáin. Cuirimid leathanach ar leith le haghaidh TCÉ ar fáil chomh maith, áit a bhfuil fáil ar ábhar a chruthaíonn Teilifís an Oireachtais i dteanga chomharthaíochta. 
  • Is féidir éisteacht leis an téacs ar leathanaigh ár suímh gréasáin trí chliceáil ar an deilbhín Éist sa cheanntásc. Osclaíonn sé seo barra uirlisí tríú páirtí darb ainm ReachDeck. Is gá fianáin fheidhmiúla a chasadh air chun go dtaispeánfaí agus go n-oibreodh an ghné seo. Tá gnéithe eile inrochtaineachta ar fáil ar bharra uirlisí ReachDeck freisin, mar shampla aibhsiú téacs le dhá dhath, formhéadú téacs, mascadh scáileáin agus léamh PDF.

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh idirlíon seo comhlíontach i bpáirt maidir le caighdeán WCAG 2.1 leibhéal AA. Is é is ciall le comhlíontach i bpáirt ná nach gcloínn roinnt den ábhar go hiomlán leis an gcaighdeán inrochtaineachta. Liostaítear na míreanna ábhair nach bhfuil inrochtana thíos agus tá sé d’aidhm againn na fadhbanna sin a dheisiú. Titeann roinnt den ábhar lasmuigh de raon Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le hInrochtaineacht Gréasáin.

Ábhar neamh-inrochtana

  • Is beag codarsnacht dathanna atá i roinnt comhpháirteanna
  • Tá roinnt rialtáin idirghníomhacha nach bhfuil neadaithe i gceart le haghaidh daoine a bhfuil léitheoirí scáileáin á n-úsáid acu
  • Ní áirítear eolas maidir le méid an chomhaid ar PDFanna
  • Osclaíonn roinnt naisc PDF i dtáb nua
  • Níl teidil ar fáil ar fhíseáin d’imeachtaí a taifeadadh a cuireadh ar fáil i ndiaidh 23 Meán Fómhair 2020

Ábhar atá lasmuigh den raon

  • Sruth beo d’imeachtaí an Oireachtais
  • Comhaid físe d’imeachtaí an Oireachtais a cuireadh ar fáil roimh 23 Meán Fómhair 2020
  • Roinnt PDFanna agus formaid comhaid Office a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018
  • Roinnt PDFanna agus formáidí comhaid Office arna gcur isteach ag tríú páirtithe agus arna bhfoilsiú mar chuid de ghnó an Oireachtais (e.g. ráitis tosaigh agus aighneachtaí de chuid na gCoistí, doiciméid a thacaíonn le freagraí i scríbhinn)

Conas aiseolas a sheoladh maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo

Fáiltímid roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo,
Seol ríomhphost chugainn: web@oireachtas.ie
Glaoigh orainn: (01) 618 3000
Scríobh chugainn: Tithe an Oireachtais, Teach Laighean, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 XR20, Éire

Má tá ábhar ar leith uait i bhformáid inrochtana, tabhair dúinn na sonraí seo a leanas:

  • An fhormáid atá de dhíth ort
  • An t-ábhar atá de dhíth ort (cuir seoladh gréasáin an ábhair san áireamh)
  • D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist

Déanfaimid gach iarracht réasúnta d'iarratas a chomhlíonadh.

Nós imeachta forfheidhmithe

Má tá aon ghearán agat maidir le hinrochtaineacht ár suímh gréasáin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana ag info@oireachtas.ie. Tá an t-oifigeach rochtana ar fáil de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas, 2005.

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagairt, féadfaidh tú gearán a dhéanamh. Tá treoracha maidir le conas an méid sin a dhéanamh ar fáil ar an leathanach dar teideal Seirbhís do Chustaiméirí. I gcás go bhfuil tú fós míshásta lenár bhfreagairt, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.

Ullmhú an ráitis ar inrochtaineacht don suíomh gréasáin seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 12 Iúil 2023 agus tá sé bunaithe ar thorthaí iniúchadh neamhspleách maidir le hinrochtaineacht. Déanfar nuashonrú an leathanach seo nuair a bheidh na fadhbanna socraithe agus feabhsuithe curtha i bhfeidhm.

 


Ráiteas ar inrochtaineacht don aip shoghluaiste

Baineann an ráiteas ar inrochtaineacht leis na haipeanna Oireachtas iOS agus Android atá fáil go poiblí ar App Store agus ar Google Play.

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

  • Cuirtear nascleanúint loighciúil agus chomhréireach ar fáil d’úsáideoirí.
  • Is féidir Voiceover (iOS) nó TalkBack (Android) a úsáid chun an aip a oibriú.

Stádas comhlíontachta

Tá ár n-aip comhlíontach i bpáirt maidir le caighdeán WCAG 2.1 leibhéal AA. Is é is ciall le comhlíontach i bpáirt ná nach gcloínn roinnt den ábhar go hiomlán leis an gcaighdeán inrochtaineachta. Liostaítear na míreanna nach bhfuil inrochtana thíos.

Ábhar neamh-inrochtana

  • Ní féidir le léitheoirí scáileáin nithe laistigh den leagan amach gréasáin a léamh i gcónaí.
  • Ní féidir an leagan amach gréasáin a mhéadú.
  • Tá cuid den táibtéacs deacair a léamh nuair a mhéadaítear é.
  • Tá codarsnacht neamh-leordhóthanach ann idir dathanna i gcuid den téacs.
  • Ní féidir zúmáil isteach ar an aip nuair atá Voiceover á úsáid.

Ábhar atá lasmuigh den raon

  • Sruth beo d’imeachtaí an Oireachtais

Conas aiseolas a sheoladh maidir le hinrochtaineacht na haipe seo

Fáiltímid roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo,
Cuir ríomhphost chugainn: web@oireachtas.ie
Glaoigh orainn: (01) 618 3000
Scríobh chugainn: Tithe an Oireachtais, Teach Laighean, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 XR20, Éire

Nós imeachta forfheidhmithe

Má tá aon ghearán agat maidir le hinrochtaineacht ár n-aipe, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Rochtana ag info@oireachtas.ie. Tá an t-oifigeach rochtana ar fáil de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas, 2005.

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagairt, féadfaidh tú gearán a dhéanamh. Tá treoracha maidir le conas an méid sin a dhéanamh ar fáil ar an leathanach dar teideal Seirbhís do Chustaiméirí. I gcás go bhfuil tú fós míshásta lenár bhfreagairt, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.

Ullmhú an ráitis ar inrochtaineacht don aip seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 09 Meitheamh 2023 agus tá sé bunaithe ar thorthaí d’ iniúchtaí láimhe agus uathoibríocha maidir le hinrochtaineacht. Déanfar nuashonrú ar an leathanach seo de réir mar a chuirfear feabhsuithe i bhfeidhm.

 

Barr
Roinn