Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teachtaí Dála agus Seanadóirí

Aimsigh Comhalta reatha nó iar-Chomhalta

Dáil Éireann agus Seanad Éireann

Toghann muintir na hÉireann Comhaltaí Dháil Éireann, teach íochtarach Thithe an Oireachtais. Tá 160 Comhalta a dhéanann ionadaíocht ar 39 dáilcheantar sa Dáil reatha. Is í an Dáil reatha an 33ú Dáil.

Tá 60 Comhalta i Seanad Éireann, an teach uachtarach, agus toghtar iad chuig cúig rolla gairme agus dhá rolla ollscoile, nó ainmníonn an Taoiseach iad. Is é an Seanad reatha an 26ú Seanad.

Cé hiad na hAirí Rialtais?

Tá liosta de na hAirí Rialtais agus de na hAirí Stáit ar Gov.ie.

Cén dáilcheantar ina bhfuil mé?

Féach ar ár gcuid léarscáileanna de gach dáilcheantar sa 33ú Dáil nó íoslódáil aip an Oireachtais chun do dháilcheantar a aithint go héasca.

Clár Leasanna na gComhaltaí

Is gá do Chomhaltaí Thithe an Oireachtais ráitis bhliantúla a dhéanamh faoina leasanna. Leagtar amach anseo aon stiúrthóireachtaí cuideachta atá acu, maoin atá ina seilbh agus bronntanais a fuair siad.

Tuarastail agus liúntais

Íoctar buntuarastal le Comhaltaí den Oireachtas mar aon le liúntas tuarastail bunaithe ar aon phost eile atá acu. Tig leo an Liúntas Caighdeánach Parlaiminte agus liúntais eile a éileamh freisin.

Teagmháil a dhéanamh le Comhalta reatha

Seo a leanas na seoltaí poist agus ríomhphost do Theachtaí Dála agus Seanadóirí reatha: 

<Ainm an Chomhalta>
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
<céadainm>.<sloinne>@oireachtas.ie

Sonraí teagmhála na gcomhaltaí

Íoslódáil sonraí teagmhála iomlána na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí reatha uile.

Pleananna suíochán na seomraí

Íoslódáil na pleananna suíochán do Sheomra na Dála agus do Sheomra an tSeanaid ar mhaithe le vótáil leictreonach.

 

Clár na bpáirtithe polaitíochta

Ní mór do pháirtithe polaitíochta a bheith cláraithe ionas go gcuirfear ainmneacha a gcuid páirtithe ar pháipéir ballóide i dtoghcháin.

Is é an Coimisiún Toghcháin atá freagrach anois as clár na bpáirtithe polaitíochta a chothabháil. Féadtar dul i dteagmháil leis ag info@electoralcommission.ie.

Cácas na mBan

Fóram traspháirtí is ea Cácas Parlaiminte na mBan in Éirinn do bhanpharlaiminteoirí na hÉireann. Tugann sé deis dóibh plé a dhéanamh ar na ceisteanna a théann i bhfeidhm ar mhná den chuid is mó agus dul i mbun feachtais ina leith.

Cláir eolais dáilcheantair

Tugann na cláir eolais dáilcheantair amharcléiriú idirghníomhach (ar líne) ar shonraí Dhaonáireamh 2016 do gach dáilcheantar. Is bealach iontach iad chun eolas a fháil faoi do dháilcheantar.

Barr
Roinn