Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ról an Oireachtais

TCÉ

Féach isteach

Is é príomhfheidhm an Oireachtais ná dlíthe a dhéanamh i gcomhair na hÉireann. Chomh maith leis sin, toghann an tOireachtas an Rialtas agus ceadaíonn sé maoiniú na Ranna Rialtais. Feidhm thábhachtach de chuid an Oireachtais is ea an Rialtas a choimeád cuntasach.

Cuimsíonn an tOireachtas Uachtarán na hÉireann agus dhá Theach an Oireachtais, Dáil Éireann agus Seanad Éireann. Tarmligeann an Dáil agus an Seanad gnéithe áirithe dá gcuid oibre chuig roinnt Coistí Oireachtais, agus mar sin déantar scrúdú níos mionsonraithe ar ábhar.

Dáil Éireann

Teach Íochtarach

Dáil Éireann

Is é an Dáil Teach Íochtarach an Oireachtais. Is “Teachta Dála” an teideal oifigiúil Gaeilge atá ar Chomhalta den Dáil. Tugtar “Teachtaí Dála” nó “Teachtaí” ar Chomhaltaí de ghnáth.

Seanad Éireann

Teach Uachtarach

Seanad Éireann

Is é an Seanad Teach Uachtarach an Oireachtais agus tá 60 Comhalta ann, ar a dtugtar Seanadóirí. Ó thaobh na teoirice de, ní aithnítear comhaltas de pháirtithe polaitíochta sa Seanad. Ó thaobh na praiticiúlachta de, áfach, is minic is féidir neart na bpáirtithe sa Dáil a fheiceáil i gcomhdhéanamh an tSeanaid.

Coistí Oireachtais

Coistí

Coistí Oireachtais

Is éard is coiste Oireachtais ann grúpa Comhaltaí den Oireachtas arna roghnú ag ceann amháin nó ag dhá Theach an Oireachtais chun breithniú a dhéanamh ar ábhar ar leith.

Uachtarán na hÉireann

Ceann Stáit

Uachtarán na hÉireann

Is é Uachtarán na hÉireann an Ceann Stáit. Toghann na daoine an tUachtarán go díreach agus caitheann sé téarma seacht mbliana in oifig.

Anuas ar fhreastal ar ócáidí oifigiúla, síníonn an tUachtarán Billí ina ndlí. Féadfaidh an tUachtarán diúltú do Bhille a shíniú ina dhlí. Ní tharlaíonn sé sin ach i gcúinsí neamhchoitianta, áfach, mar shampla i gcás ina measann an tUachtarán, i gcomhar leis an gComhairle Stáit, go bhfuil Bille míbhunreachtúil.

Is é Micheál D. Ó hUigínn an tUachtarán reatha. Is é naoú hUachtarán na hÉireann é. Chuir an tUachtarán Ó hUigínn tús lena théarma ar an 11 Samhain 2011 agus insealbhaíodh é don dara téarma in 2018.

Nuashonraithe go deireanach: 7 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn