Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Treoir | Aighneachtaí i ndáil le comhairliúcháin phoiblí

Baineann coistí leas as comhairliúcháin phoiblí ar uairibh chun tuairimí daoine leasmhara, grúpaí leasmhara agus eagraíochtaí leasmhara a fháil faoi aon ábhar a bhaineann lena gcláir oibre. Is gnách go mbaineann comhairliúcháin phoiblí le reachtaíocht bheartaithe nó le beartais thábhachtacha agus cabhraíonn siad le bonn eolais a chur faoi bhreithniú Coiste ar nithe den sórt sin.

Féadfaidh aon pháirtí leasmhar aighneacht a dhéanamh. Faightear ar an leathanach, Comhairliúcháin Phoiblí, de chuid na gCoistí liosta de na comhairliúcháin phoiblí reatha ar fad agus aon cheanglas eile i ndáil le haighneachtaí, is cinn atá de bhreis orthu siúd a shonraítear thíos.

Cén chaoi a ndéanfaidh mé aighneacht?

Ba chóir go mbeadh doiciméad na haighneachta san aighneacht, mar aon le litir chumhdaigh ar leith.

Má choimeádtar faisnéis phearsanta, amhail seoladh baile, seoladh ríomhphoist nó uimhir ghutháin, i litir chumhdaigh ar leithligh, féadfar doiciméad na haighneachta a fhoilsiú (má chinneann Coiste é sin a dhéanamh am éigin) gan sonraí pearsanta a nochtadh.

Cuir in iúl i do litir chumhdaigh má tá tú ag iarraidh nach bhfoilseodh an Coiste d’ainm. Tig leis an gCoiste é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le conas ba cheart déileáil le d’aighneacht, lena n-áirítear ar cheart d’aighneacht a fhoilsiú. Tabhair do d’aire gur faoin gCoiste atá sé d’aighneacht a fhoilsiú le d’ainm nó gan d’ainm, agus cé go bhféadfaidh an Coiste do rogha a chur i gcuntas, níl sé de dhualgas air é sin a dhéanamh.

Is féidir aighneachtaí i bhformáidí eile (físeán, mar shampla) a chur isteach faoi réir cumarsáide le Cléireach an Choiste agus ag treoir bhreise uaidh.

Tig leat an treoirdhoiciméad seo a phriontáil freisin.

An méid a theastaíonn uait i gcomhair aighneachta

Litir chumhdaigh
Doiciméad na haighneachta
D’aighneacht a sheoladh
Leideanna maidir le d’aighneacht a scríobh

Eolas breise

An chaoi a ndéileálfar le d’aighneacht
An bhfaighidh mé cuireadh chuig cruinniú Coiste má dhéanaim aighneacht?
Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.
Faisnéis thábhachtach
Úsáid na Gaeilge
Barr
Roinn