I dtús báire, caithfidh mé dul tríd roinnt de na rialacha. Ní gá go mbeadh na finnéithe buartha. Ní bheidh siad á gcur i bpríosúin nó aon rud eile. Beidh sé ceart go leor ar an lá. Rachaidh mé tríd na rialacha agus ansin tosóimid an cruinniú i gceart.
Is gnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais é seo, ach go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams ag baint leis chomh maith. Tá ceithre chomhalta i láthair sa seomra coiste agus ar líne, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Tá mé féin, an Teachta Ruairí Ó Murchú, an Teachta Aindrias Ó Muineacháin, agus na Seanadóirí Seán Kyne agus Pat Casey anseo. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Éamon Ó Cuív. Tá moill air ach beidh mé sé anseo agus tá súil agam go mbeidh duine nó dhó eile linn chomh maith. Fadhb amháin atá againn nó go gcuirfear tús le ráitisí ar Sheachtain na Gaeilge sa Dáil i gceann sé nóiméad; mar sin, beidh roinnt de na daoine a bhíonn anseo de ghnáth gafa le sin. Gabhaim leithscéal leis na finnéithe go mbeidh orm éalú chun ráiteas a dhéanamh ag am éigin ach seasfaidh ceann de na comhaltaí isteach dom ag an am sin.
Tá finnéithe anseo linn inniu thar ceann Coláiste Áth a’ Chóiste i gContae Chorcaí, Coláiste Pobail Osraí i gContae Chill Channaigh, Gaelcholáiste an Chláir i gContae an Chláir, agus Meánscoil Gharman i gContae Loch Garman chun breathnú ar neodracht na hÉireann mar chuspóir polaitíochta reatha nó prionsabal neamh-inchoimhthithe. Chomh maith leis sin, iarrfar an bhfuil an córas oideachais in Éirinn oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis agus tabharfar sainmhíniú ar an tsochaí uilechuimsitheach. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh, más gá, go dtí 4 p.m.
Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais. Fearaim fáilte ar leith roimh na finnéithe: Ellie Ní Bhuachalla, Dáithí de Buitléar, Liam Ó Muirí atá anseo mar ionadaithe thar ceann Coláiste Áth a’ Chóiste; Róisín Ní Shúilleabháin, Lily-Mae Ní Bhraonáin agus Rhys Ó Cinnéide atá anseo thar ceann Coláiste Pobail Osraí; Jack O hÉilí, Myriam Andre Ní Liodáin agus Bridget Nic Suibhne atá anseo thar ceann Gaelcholáiste an Chláir; agus Éire Ní Fhaoláin, Séamus Ó Muirí agus Saoirse Lodge atá anseo thar ceann Meánscoil Gharman. Fearaim fáilte chomh maith roimh Siobhán Ní Mhurchú, oifigeach iarbhunleibhéil leis an tionscadal Gaelbhratach, atá anseo thar ceann Gael-Linn. Fearaim fáilte roimh na daltaí agus na múinteoirí ar fad ón cheithre scoil atá luaite atá linn sa lucht féachana.
Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanaim ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagadh faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a gcuid gutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl agus iad le feiceáil ar an scáileán an t-am go léir atá iad ag labhairt. Ba chóir do chomhaltaí a bheith cúramach go mbeidh micreafón ar siúl agus iad ag labhairt agus go mbeadh sé múchta nuair nach bhfuil siad ag caint leis an gcruinniú.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach ma eisítear é.
Is iad sin na rialacha ar fad. Aontaímid leo. Ná bíodh buairt ar aon duine faoi na rialacha sin mar tá a fhios agam nach mbrisfidh siad iad. Cuirfimid tús a chur leis an gcruinniú i gceart anois. Tá an Teachta Catherine Connolly linn anois agus tá an Seanadóir Seán Kyne ar ais linn ar líne.
An chéad ábhair atá le plé ná neodracht na hÉireann mar chuspóir polaitíochta reatha nó prionsabal neamh-inchoimhthithe.
Don chéad sliotán cainte, iarraim ar Ellie Ní Bhuachalla thar cheann Coláiste Áth a’ Chóiste a ráiteas tosaigh a dhéanamh.