Is féidir liom a dhearbhú don Teachta nuair a bheidh an obair réidh ar an mBille seo go ndéanfar é go críochnúil sna gnáth bhealaí in a ndéantar obair mar seo. Mar is eol don Teachta tógtar costas san áireamh i ngach aon reachtaíocht a chuirtear ar aghaidh agus tá mé iomlán sásta go mbeidh Bille thar a bheith maith againn ag deireadh an lae. Is ceist ansin do Thithe an Oireachtais breithiúnas a thabhairt ar an mBille nuair a fhoilseofar é. Tá fhios ag an Teachta nach féidir liom dul isteach i mion-sonraí atá á moladh agus á bplé i láthair na huaire go dtí go mbeidh cinneadh Rialtais deireannach ar an mBille ar fáil. Tá fhios ag an Teachta é sin. Cloistear go leor scéalta nach mbíonn fíor, nóiméad amháin ag an dream seo, nóiméad eile ag an dream siúd. An t-aon mhoill atá leis seo ná an gnáth obair a bhíonn i gceist. Caithfidh mé a rá go bhfuil níos mó ceisteanna ann, cuid mhaith acu ardaithe agam féin go deimhin, ag iarraidh a chinntiú nuair a thiocfaidh sé chun cinn gur rud tairbheach, foirfeach, críochniúil a bheidh ann agus go mbeidh sé infheidhmithe, mar go minic, le 70 bliana anuas, an fhadhb a bhí ann le pleananna chun an Ghaeilge a chur chun cinn go raibh siad thar cinn ar pháipéar ach nach bhféadfaí iad a fheidhmiú go praiticiúil. Beidh an ceann seo infheidhmithe agus feidhmeofar é.