14 Samh 2016, 14:48
Beidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag éisteacht le Seán Ó Coisdealbha, Andreas Vogel, Máirín Nic Fhionghuin (Muintearas Teo) agus le Máire Ní Scannláinn (Oidhreacht Chorca Dhuibhne) amárach, Dé Máirt, an 15 Samhain 2016.
Beidh an Coiste ag breithniú ról agus tascanna Mhuintearas Teo agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Oibríonn Muintearas Teo. chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe i measc daoine óga, agus tugann sé tacaíocht do theaghlaigh Ghaeltachta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh agus sa Mhí agus iad ag tógáil a leanaí le Gaeilge.
Is fochuideachta de chuid Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne é Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ar comharchumann forbartha áitiúil é a bunaíodh 40 bliain ó shin chun feabhas a chur ar an saol eacnamaíoch, sóisialta, pobail agus cultúir sna ceantair Ghaeilge i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Sa bhliain 1980 is ea a bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus tá sé lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Cabhraíonn an eagraíocht seo, trína cuid gníomhaíochtaí, foilseachán agus tionscadal (músaem réigiúnach san áireamh), le saibhreas teanga, seandálaíochta agus cultúir Chorca Dhuibhne a cheiliúradh, a chur chun cinn agus a chaomhnú.
Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4, Teach Laighean, óna 5pm, Dé Máirt, an 15 Samhain 2016.
Is féidir breathnú beo ar imeachtaí Coistí anseo.
Is féidir breathnú ar na himeachtaí freisin agus tú ag gluaiseacht, ar SmartphoneAip Thithe an Oireachtais, atá ar fáil le haghaidh feistí Apple agus Android.
Fiosruithe ó na Meáin:
Ciarán Ó Braonáin,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Comhaltas an Choiste:
Teachtaí
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael