Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ag an Státseirbhís le plé ag Coiste na Gaeilge

20 Feabh 2017, 16:33

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach, Dé Máirt, an 21 Feabhra 2017 le Gaelchultúr chun plé a bheith acu leo maidir leis na seirbhísí, na scileanna, an oiliúint agus na háiseanna is gá chun a chinntiú go dtabharfaidh an Státseirbhís seirbhís iomlán sa dá theanga oifigiúla don phobal, do chustaiméirí agus d’fhostaithe.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Is rí-léir go bhfuil ganntanas cainteoirí Gaeilge líofa ar fud na ranna Rialtais agus in oifigí Rialtais eile, ar féidir leo plé leis an bpobal sa phríomhtheanga oifigiúil. Caithfear dul i ngleic le trúig an cháis seo, trí chur le líon na státseirbhíseach a bhfuil ar a gcumas obair a dhéanamh tríd an dá theanga oifigiúla agus a bhfuil fonn orthu sin a dhéanamh, trí leibhéal agus éifeachtacht na hoiliúna a ardú agus trína chinntiú go bhfuil na háiseanna céanna curtha ar bun ó thaobh teicneolaíocht ríomhaireachta, córais cumarsáide, idirghníomhaíochta agus coimeád taifead de.

“In 2004 a bunaíodh Gaelchultúr. Cuireann sé cúrsaí Gaeilge agus acmhainní foghlama ar fáil. Ó 2005 i leith, tá sainoiliúint sa Ghaeilge á soláthar aige do chomhlachtaí san earnáil phoiblí chun cuidiú leo a n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a chomhlíonadh. Bíonn formhór chúrsaí oiliúna na cuideachta sin dírithe ar chomhaltaí foirne túslíne a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal, agus is é is cuspóir do na cúrsaí é a chur ar chumas na gcomhaltaí foirne sin seirbhís do chustaiméirí a sholáthar trí Ghaeilge. Tá cúrsaí curtha le chéile ag Gaelchultúr le haghaidh comhaltaí foirne ar mhaith leo ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a bhaint amach agus ar mhian leo an dá theanga oifigiúla a úsáid agus iad ag freastal ar an bpobal.

“Tá súil againn go mbeidh cruinniú an lae amárach ina chabhair againn chun an méid atá le déanamh, agus an chaoi inar chóir é a dhéanamh, a aithint le go ndéanfaidh an Státseirbhís forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh go huile agus go hiomlán, agus chun freastal ar an éileamh, atá ag dul i méid i gcónaí, ar sheirbhís dhátheangach bharántúil.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 5 pm amárach, Dé Máirt, 21 Feabhra 2017.
 
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Ceisteanna ó na Meáin:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí

Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach)     Neamhspleách
Pat the Cope Ó Gallachóir                Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín                    Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin            Fianna Fáil
Fearghus Ó Dubhda                Fine Gael
Bríd Nic Gabhann                     Pobal Roimh Bhrabús
Peadar Tóibín                    Sinn Féin

Seanadóirí

Pádraig Ó Céidigh        Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh    Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill        Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh    Fine Gael

Barr
Roinn