Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil Bhliantúil 2016 foilsithe ag Coimisiún Thithe an Oireachtais

29 Meith 2017, 16:50

D’fhoilsigh Coimisiún Thithe an Oireachtais an Tuarascáil Bhliantúil, 2016 inniu, Déardaoin, an 29 Meitheamh 2017.  Chomh maith le mionsonraí a thabhairt faoi ghníomhaíocht na parlaiminte i rith 2016, tugtar cuntas inti freisin ar an airgead poiblí a caitheadh anuraidh ar riaradh Thithe an Oireachtais.



Áirítear i dtréimhse na tuarascála na holltoghcháin don dá Theach den Oireachtas in 2016, tús an 32ú Dáil agus an 25ú Seanad, agus 102 chomhalta nua do theacht isteach sna Tithe: 60 Teachta nua (38% den Dáil) agus 42 Sheanadóir nua (70% den Seanad).

Táthar ag leanúint de sheirbhísí parlaiminte a sholáthar ar shlí is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus de luach ar airgead cáiníocóirí a chinntiú.  Caitheadh €116 mhilliún ar riaradh Thithe an Oireachtais anuraidh as buiséad €131 mhilliún, is é sin le rá, gannchaitheamh glan €15 mhilliún (12%).

Bhí na Tithe an-bhroidiúil arís anuraidh:

·    Bhí 153 lá suí ag an Dáil agus ag an Seanad ar an iomlán: is é sin, 91 lá suí sa Dáil (772 uair an chloig) agus 62 lá suí sa Seanad (349 n-uair an chloig)
·    Maidir leis na Coistí éagsúla de chuid na dTithe, bhí 323 chruinniú acu (729 n-uair an chloig), tháinig 992 fhinné os a gcomhair, agus chuir siad 33 thuarascáil faoi bhráid na dTithe
·    Tionscnaíodh 121 Bhille sna Tithe
·    Ritheadh 22 Bhille sna Tithe
·    Cuireadh síos 44,942 Cheist Pharlaiminte lena bhfreagairt ag comhaltaí den Rialtas
·    Roghnaíodh 281 Saincheist Thráthúla le haghaidh díospóireacht sa Dáil
·    Caitheadh 1,823 uair an chloig i mbun díospóireacht pharlaiminte agus cuireadh 44,942 Cheist Pharlaiminte

Bhí sé ina thosaíocht chomh maith maoirseacht a dhéanamh ar an bpleanáil agus ar an ullmhúchán don tionscadal struchtúrtha i dTeach Laighean Seoirseach.  Tá clár leathan oibreacha struchtúrtha agus feabhsaithe ar bun chun aghaidh a thabhairt ar mheath struchtúrtha san fhoirgneamh.  Níos déanaí i mbliana, athlonnófar Seomra an tSeanaid go sealadach go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann chun gur féidir leis an obair phráinneach dul ar aghaidh.

D’fhonn an croíphrionsabal de chuid an Choimisiúin, Oireachtas don Phobal, a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach eolas faoi obair na dTithe a thabhairt don phobal.

Le bliain anuas, tá athfhorbairt shuntasach déanta ar shuíomh gréasáin an Oireachtais agus, dá bharr sin, tá feabhas tagtha ar an rochtain is féidir a fháil ar líne ar réimse leathan faisnéise faoin bparlaimint agus tugtar faisnéis thráthúil ann faoi obair thábhachtach na dTithe, a gCoistí agus a gcomhaltaí.

Is fusa anois teacht ar chraoltaí beo ar na himeachtaí parlaiminte ó cuireadh tús anuraidh le craoladh Oireachtas TV ar Saorview.

Tá an-éileamh fós ar thurais threoraithe i measc cuairteoirí agus grúpaí scoile.  Anuraidh, tháinig breis agus 100,000 cuairteoir go dtí na Tithe agus ghlac breis agus 52,000 duine díobh sin páirt i dturais threoraithe ar na Tithe.

Toghadh an Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle agus, den chéad uair riamh, is trí bhallóid rúnda idir comhaltaí uile na Dála a rinneadh é seo.  Cheadaigh an Dáil roinnt moltaí a chuir an Fochoiste um Athleasú na Dála faoina bráid chun athleasú a dhéanamh ar nósanna imeachta agus ar chleachtais de chuid an Tí, agus cuireadh cuid mhór de na moltaí sin i bhfeidhm le bliain anuas, lena n-áirítear:

•    Coiste Ghnó na Dála a bhunú agus an fhreagracht a thabhairt don Teach féin a chuid gnó féin a phleanáil agus socruithe a dhéanamh lena aghaidh
•    an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid a bhunú d’fhonn feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú ar an timthriall bliantúil buiséid agus, mar thacaíocht le hobair an choiste sin, Oifig Buiséid Pharlaiminteach a bhunú
•    vótálacha a chur siar go dtí “tráth na vótálacha seachtainiúla”
•    foráil a dhéanamh maidir le níos mó ná “grúpa teicniúil” amháin a bhunú faoi na Buan-Orduithe ionas go dtabharfar do chomhaltaí neamhspleácha agus do pháirtithe beaga sciar is mó den am chun óráidí réamhullmhaithe a dhéanamh
•    bealach a bheith ann chun staontaí ó vótálacha sa Dáil a áireamh i dtaifead oifigiúil na n-imeachtaí
•    an lá suí a atheagrú ionas gurb amhlaidh, maidir le suíonna iomlánacha agus cruinnithe coiste a bheith ag teacht salach ar a chéile, gur a annaimhe is féidir a tharlóidh sé sin
•    ról is leithne a bheith ag Oifig an Chomhairleora Dlí Parlaiminte chun go n-áireofar ann cúnamh a thabhairt do chomhaltaí cúlbhinse le linn reachtaíocht a dhréachtú agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, maidir le reachtaíocht atá á breithniú ag na Tithe; agus
•    athleasú a dhéanamh ar chóras na gCoistí

Áirítear freisin sa Tuarascáil Bhliantúil staitisticí tagarmharcála le 21 pharlaimint náisiúnta eile, a léiríonn go bhfuil ag éirí go maith le Tithe an Oireachtais i gcomparáid le parlaimintí eile go hidirnáisiúnta.  Léiríonn na príomhtháscairí, maidir leis na Tithe:

•    gur sa cheathrú háit as 21 pharlaimint a bhí siad in 2016 ó thaobh uaireanta suí de
•    gur sa tríú háit as 21 pharlaimint a bhí siad ó thaobh an lín ceisteanna parlaiminte a cuireadh síos agus gur sa chéad áit a bhí siad ó thaobh an lín ceisteanna parlaiminte a cuireadh síos in aghaidh an chomhalta
•    gur san ochtú háit as 21 pharlaimint a bhí siad ó thaobh an lín cuairteoirí a tháinig chuig an bparlaimint mar chéatadán den daonra

Dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl: “Tugann an tuarascáil léargas ar ghnó Thithe an Oireachtais agus a gCoistí, ar obair chomhaltaí na dTithe, ar na seirbhísí a thacaíonn leo, agus ar an gcaiteachas a tabhaíodh i dtaca le Tithe an Oireachtais a riaradh anuraidh.

“Tháinig cuid mhaith athruithe ar na Tithe anuraidh agus 102 chomhalta nua ag teacht isteach sna Tithe tar éis na dtoghchán chun Dáil Éireann agus Seanad Éireann.  Leis an athrú a tháinig ar chomhdhéanamh polaitiúil na dTithe tar éis na dtoghchán tugadh isteach clár athleasaithe don Dáil chun freastal ar mhian an Tí a chuid gnó a dhéanamh ar shlí is éifeachtaí chun gur féidir leis freastal ar shlí is fearr ar a chomhaltaí agus, níos tábhachtaí fós, ar na daoine arb ionadaithe dóibh muid.

“Agus sinn ag féachaint romhainn, leanfaidh tionscadal struchtúrtha Theach Laighean ar aghaidh i mbliana.  Fágadh an Teach Seoirseach folamh anuraidh chun é a ullmhú don tionscadal.  Níos déanaí i mbliana, athlonnófar Seomra an tSeanaid go sealadach go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann chun gur féidir leis an obair dul ar aghaidh.  Ba mhaith linn, thar ceann an Choimisiúin, mórbhuíochas a ghabháil le Bord an Ard-Mhúsaeim as an athlonnú sin a éascú.

“Thar ceann na gcomhaltaí ar fad, táimid sásta an tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais.”

Feach ar an an Tuarascáil anseo: http://beta.oireachtas.ie/en/publications/

Barr
Roinn