Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus an Ghaeltacht chun Meastacháin a phlé

14 Samh 2017, 10:34

Pléfidh an Roghchoiste um Chultúr, Oidhreacht agus an Ghaeltacht Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise i gcomhair Seirbhísí Poiblí 2017 - Vóta 33 (Cultúr, Oidhreacht agus an Ghaeltacht) ag an gcruinniú den choiste a bheidh ar siúl amárach, Dé Céadaoin, an 15 Samhain.

Tiocfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Mhic Unfraidh, TD, os comhair an Choiste, i dteannta an Aire Stáit, an tUasal Seosamh Mac Aodha, TD.

Cuirfear tús leis an gcruinniú seo ar 1.30 p.m., amárach, Dé Céadaoin, an 15 Samhain 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn