Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ceann Comhairle le dealbh bhrád den Tiarna David Trimble a nochtadh chun cothrom 25 bliana dhámhachtain Duais Noble na Síochána ar John Hume agus David Trimble i gcomhpháirt a chomóradh

13 Noll 2023, 19:15

Tá an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD, tar éis dealbh bhrád den Tiarna David Trimble, nach maireann, a nochtadh chun Duais Noble na Síochána a chomóradh a dámhadh ar John Hume agus David Trimble i gcomhpháirt mar gheall ar a ndearna siad le linn Chomhaontú Aoine an Chéasta a chaibidil chun síocháin bhuan a chur ar bun i dTuaisceart Éireann.

Tá comóradh á dhéanamh ag Tithe an Oireachtais ar chothrom 25 bliana an trátha a fuarthas Duais Nobel na Síochána le dhá mhír cuimhneacháin ealaíne. Noctadh an dealbh bhrád de John Hume níos luaithe i mbliana chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, 1998 agus is cothrom an dealbh bhrád de Tiarna Trimble a nochtadh inniu na míosa a fuair siad Duais Nobel na Síochána in 1998.

Nocht an Ceann Comhairle an dealbh bhrád den Tiarna Trimble, nach maireann, le John Sherlock, dealbhóir, i láthair a mhná céile, an Bantiarna Daphne, a n-iníon Vicky, a mac, Nicholas agus a bhean chéile, Sarah, daoine de theaghlaigh Hume agus Sherlock, ionadaithe don phobal aontachtach i dTuaisceart Éireann agus comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí den Dáil agus den Seanad.

I láthair freisin bhí iar-cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh, Mike Nesbitt CTR agus iar-MP de chuid Pháirtí Aontachtach Uladh, an Bantiarna Sylvia Hermon; Príomhach Uile-Éireann Eaglais na hÉireann, an Ró-Urramach, an tArd-Easpag John McDowell; Uachtarán Eaglais na Modhach in Éirinn, an tUrramach David Turtle; agus an tIar-Thaoiseach, Parthalán Ó hEachtairn, ag a raibh páirt mhór le linn Comhaontú Aoine an Chéasta a chaibidil.

Dúirt an Ceann Comhairle: “Is cuid thábhachtach an dealbh bhrád seo d’oidhreacht David Trimble agus beidh sé anseo i dTeach Laighean mar bhuan-chuimhniú ar a thiomanta a bhí sé don tsíocháin. Táimid ag móradh sár-Ultach, polaiteoir misniúil, agus fear a bhí díograiseach i leith an tsíocháin a bhaint amach.

Níos luaithe i mbliana, nochtamar dealbh bhrád de John Hume, ar pholaiteoir díograiseach eile é agus duine a bhí tiomanta i leith an tsíocháin a bhaint amach. Is léiriú an comóradh déach againn ar an ocáid fhíorthábhachtach sin 25 bliana ó sin nuair a rinneadh Duais Noble na Síochána a dhámhachtain ar David Trimble agus John Hume i gcomhpháirt mar gheall ar a gcuid iarrachtaí réiteach síochánta a fháil ar an gcoinbhleacht i dTuaisceart Éireann.

Le linn ómós a dhéanamh don Tiarna Trimble, dúirt an Ceann Comhairle: “Bhí an ceann is na guallí ag David Trimble orthu siúd a chuir i gcoinne an athraithe agus orthu siúd nár mhaith leo go n-éireodh le Comhaontú Aoine an Chéasta. I ndeireadh an lae, chuireamar an bhó thar abhainn. Rinne David agus John, le tréan-iarracht, an cor cinniúna a thabhairt dúinn lenar cuireadh deireadh leis an bhforéigean, agus lenar tugadh féin-rialtas do Thuaisceart Éireann ar bhonn tras-pháirtí, tras-phobal.

I lár an chatha pholaitiúil, bhí drogall ar David úsáid a bhaint as an bhfocal ‘fís’. Ach, bhí sé ina theannta i gcónaí agus spreag é chun an cuspóir muirní aige a sheachadadh. An tSíocháin. Thiocfadh nach bhfuil sí foirfe ach is fearr é as cuimse ná a bhfacamar roimhe sin.

Rinne an Ceann Comhairle freisin ómós don iar-Thaoiseach Parthalán Ó hEachtairn as a ndearna sé le linn phróiseas na síochána, go háirithe an gaol tábhachtach a bhunaigh sé le David Trimble.

Tá a fhios againn ar fad anseo faoina ndearna Parthalán Ó hEachtairn ach is beag duine a bhfuil eolas acu faoin meas mór agus caidreamh buan a tháinig chun cinn agus fadhbanna á réiteach acu go dearg na hoíche. Bhí David agus Parthalán ag brath ar a chéile, agus an bheirt acu ag brath ar dhaoine eile lena n-áirítear a gcuid comhairleoirí agus a lucht díograiseach tacaithe,” a dúirt sé.

Ní foláir dúinn freisin aitheantas a thabhairt dóibh siúd uile ag a raibh páirt sna hiarrachtaí chun an tsíocháin a bhaint amach, agus í a sheachadadh, ar an oileán seo againn; ceannairí polaitiúla misniúla, gníomhairí agus grúpaí pobail, agus an iliomad comhpháirtithe in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.”

Dúirt an Ceann Comhairle: “Dúirt David Trimble gurb éard a bhí at teastáil uaidh ná réiteach lena mbeadh aontachtaithe ‘ar a suaimhneas leo féin agus lena gcuid comharasana.’ Fearaimid ‘Go raibh maith agat’ air. Tacaíodh leis an obair a bhí ar bun aige maidir leis an tsíocháin a thógáil, agus moladh í, anseo i dTeach Laighean agus gabhaimid buíochlas leis agus lena theaghlach as bua na síochána a sheachadadh, ar rud é a ndéanaimid talamh slán de anois. 

Dámhadh Duais Nobel na Síochána ar David Trimble agus John Hume i gcomhpháirt, agus í tuillte go maith acu, in 1998. Is mór is cuí go ndéanfaimís i dTithe an Oireachtais buíochas a ghábháil leis an mbeirt fhear agus ómós a dhéanamh dóibh as a ndearna siad ar son na síochána agus na cobhsaíochta ar an oileáin seo i bpáirt againn.

Rinne an Ceann Comhairle buíochas a ghabháil leis an mBantiarna Daphne agus a hiníon Vicky, a mac Nicholas agus a bhean chéile, Sarah, John Hume Jr agus a bhean chéile Kela, Rosemary Sherlock agus a teaghlach, agus na haíonna ar tugadh cuireadh dóibh as freastal ar an ócáid dhéach chuimhneacháin.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn